Dealbhóir Albanach ab ea Hew Martin Lorimer (22 Bealtaine 19071 Meán Fómhair 1993). I nDún Éideann, in Albain, a rugadh é. Ailtire a bhí ina athair, Sir Robert Lorimer.

Infotaula de personaHew Lorimer
Beathaisnéis
Breith22 Bealtaine 1907
Bás1 Meán Fómhair 1993
86 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Magdalen, Ollscoil Oxford
Coláiste Ealaíne Dhún Éideann
Scoil Loretto Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdealbhóir Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Na gairdíní ag Caisleán Uí Cheallaigh

Oileadh Hew ag an Loretto School in Musselburgh agus ansin ag Coláiste Magdalen, Ollscoil Oxford. D'imigh sé ó Oxford, áfach, gan chéim, chun staidéar a chur ar an dearadh agus an dealbhóireacht ag Edinburgh College of Art. Tar éis a chéim a bhaint amach ón scoil úd, rinne sé printíseacht le Eric Gill, dealbhóir agus saor cloiche.

Dealbhóir ailtireachta a bhí in Hew Lorimer. Chuir sé spéis mhór freisin i gcúrsaí creidimh. Ar a mhórshaothair, áirítear na figiúirí ar aghaidh Leabharlann Náisiúnta na hAlban (1950–1955) agus Bana Thighearna nan Eilean (1957–1958), dealbh mhór den Mhaighdean Mhuire agus a leanbh ar Uibhist a Deas. Chónaigh Lorimer i gCaisleán Uí Cheallaigh, i bhFoibhe, áit a cheannaigh sé sa bhliain 1948 agus a bhí ina sheilbh go dtí 1970. Tá an caisleán agus na gairdíní timpeall air caomhnaithe anois mar iarsmalann ina léirítear saothar Hew agus Robert Lorimer.