Humphrey Bogart
Ba aisteoir Meiriceánach é Humphrey DeForest Bogart (25 Nollaig 1899 – 14 Eanáir 1957)
Saol
cuir in eagarTar éis dó triail a bhaint as postanna éagsúla, thosaigh Bogart ar an aisteoireacht sa bhliain 1921, i léirithe de chuid Broadway sna 1920í agus 1930í.
An chéad scannán a raibh sé ann, is ar éirigh go maith leis, ná The Petrified Forest (1936), scannán inar ghlac sé ról an Duke Mantee. Bhí seo ina thús de thréimhse inar ghlac sé róil a raibh an-chosúlacht eatarthu, i scannáin faoi dhrongadóirí. Ina measc seo bhí Angels with Dirty Faces (1938) agus B-scannáin ar nós The Return of Doctor X (1939). Tháinig dul chun cinn mór dó i 1941, leis an scannán High Sierra (1941) agus The Maltese Falcon (1941).
Casablanca
cuir in eagarAr an 26 Samhain 1942, léiríodh Casablanca den chéad uair ag an Hollywood Theatre, i Nua-Eabhrac. Bhí Bogart i mbarr a réime sa ról a bhí aige mar Rick Blaine. Bhí an scannán suite ag tús an Dara Cogadh Domhanda, i gCasablanca, Maracó. Deirtear go bhfuil an scannán seo ar cheann de na scannáin is clúití a tháinig amach as Hollywood ariamh[1]. Is minic a bhaintear úsáid as línte cáiliúla an scannáin fiú sa lá atá inniu ann.
Tháinig scannáin rathúla eile sna sála, ina measc To Have and Have Not (1944), The Big Sleep (1946), Dark Passage (1947), agus Key Largo (1948), lena bhean chéile Lauren Bacall; The Treasure of the Sierra Madre (1948); The African Queen (1951), inar bhuaigh sé an t-aon Duais de chuid an Acadaimh a bronnadh air; Sabrina (1954), agus The Caine Mutiny (1954).
An scannán deireanach a rinne sé ann ná The Harder They Fall (1956).
Bás agus Oidhreacht
cuir in eagarBhásaigh sé de bharr ailse i 1957. Ghlac sé páirt i 75 ghné-scannán ina ghairme ar feadh tríocha bliain. Is mórphearsa chultúir é go dtí an lá atá inniu ann:
- Ainmníodh é mar an príomhlaoch scannán a bhí ann riamh ag an iris Entertainment Weekly i 1997.
- Sa bhliain 1999, bhí sé rangaithe mar an Réalta Fireann ba Mhó Riamh ag an American Film Institute.