8ú Príomhaire na Róidéise ab ea Ian Douglas Smith (a rugadh ar an 8 Aibreán 1919 in Selukwe, an Róidéis Theas agus a fuair bás ar an 20 Samhain 2007 i gCape Town, an Afraic Theas).

Infotaula de personaAn Ró-Onórach
Ian Smith
Legion of Merit (en) Aistrigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Aibreán 1919
Shurugwi, An tSiombáib Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Samhain 2007
88 bliana d'aois
Cape Town, An Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisGalar ceirbreashoithíoch
Príomh-Aire na Róidéise
13 Aibreán 1964 – 1 Meitheamh 1979
← Winston FieldAbel Muzorewa →
Ball de Thionól Náisiúnta na Siombáibe
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnPreispitéireachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Rhodes
Ardscoil Chaplin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreTalmhaíocht agus polaitíocht
Suíomh oibre Shurugwi
Harare Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, feirmeoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1941 –
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Fronta Poblachtánach (1980–1987)
Fronta na Róidéise (1963–1980)
United Federal Party (en) Aistrigh (1953–1961)
Páirtí Liobrálach na Róidéise Theas (1948–1953) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataAerfhórsa Ríoga
Céim mhíleataleifteanant eitilte Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Teaghlach
CéileJanet Smith Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAlec Smith Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaAlex T. Wolf () Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Discogs: 2698478 Cuir in eagar ar Wikidata

D'oibrigh Smith sa rialtas i gcoilíneacht na Róidéise Theas, i gCónascadh na Róidéise agus na Niasalainne, i bPoblacht na Róidéise, sa tSiombáib-Róidéis agus sa tSiombáib sna blianta 1948–1987, go háirithe mar phríomh-aire ar an Róidéis ó 13 Aibreán 1964 go dtí 1 Meitheamh 1979. Rugadh agus tógadh é in Selukwe, baile beag faoin tuath faoi choilíneacht na mBriotanach sa Róidéis Theas. Chuir Smith seirbhís isteach sa Dara Cogadh Domhanda in Aer-Fhórsa Ríoga na Breataine. I ndiaidh dó céim a bhaint amach in Ollscoil Rhodes san Afraic Theas, cheannaigh sé feirm ina bhaile dhúchais sa bhliain 1948. Ansin toghadh é mar ionadaí do Selukwe i dTionól Reachtais na Róidéise. Ball de Pháirtí Liobrálach na Róidéise Theas a bhí ann; eisean an ball ab óige i bparlaimint na Róidéise nuair a toghadh é den chéad uair.