Baile riaracháin i gCúige Midlands, i lár theas na Siombáibe, is ea Shurugwi, Selukwe roimhe seo. Tá sé suite thart ar 350 km ó dheas de Harare. Sa bhliain 1992, bhí 16,138 duine ina gcónaí ann. Bunaíodh an baile sa bhliain 1899 i gceantar óir Selukwe. Fuarthas an t-ór sa cheantar sna luath-1890idí go gairid i ndiaidh do na Briotanaigh seilbh a thógáil ar an Róidéis.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilShurugwi

Suíomh
Map
 19°40′S 30°00′E / 19.67°S 30°E / -19.67; 30
Stáitan tSiombáib
Province of Zimbabwe (en) AistrighMidlands Province (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán16,866 (2002) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde1,483 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1899
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Tá an baile suite i measc cnoc agus coillte timpeall agus 440m os cionn leibhéal na farraige. Faightear 89 cm de bháisteach ann i mbliain thipiciúil. Baintear ór, platanam, agus cróm sa cheantar, agus déantar a lán talmhaíochta ann freisin. Mar gheall ar an tírdhreach álainn agus an aeráid shéimh, tá an turasóireacht tábhachtach agus cuireann daoine atá éirithe as a gcuid oibre fúthu ann.

Baile dúchais Ian Smith, ceannaire in aimsir na coilíneachta Briotanaí, is ea Shurugwi.