Is éard is inspeirm ann ná an fíochán a tháirgtear taobh istigh den chuid is mó de shíolta na bplandaí bláthanna, tar éis toirchithe. Timpeallaíonn sí an suth agus soláthraíonn sí cothaithe i bhfoirm stáirse, cé gur féidir go mbeadh olaí agus próitéin ann freisin. Is féidir inspeirm a bheith ina foinse cothaithe in aiste bia an duine. Mar shampla, meiltear inspeirm na cruithneachta ina plúr chun aráin (tá an chuid eile den ghráin san áireamh chomh maith i bplúr lánchruithneachta), agus ag an am céanna, tá inspeirm na heorna ina foinse is mó i gcomhair siúcraí le haghaidh beorach a tháirgeadh. Samplaí eile de inspeirm a fhoirmíonn an chuid is mó den chuid inite is ea "feoil" chnónna cócó agus "uisce" chnóanna cócó ,[1] agus arbhar. Tá easpa inspeirme i gcuid síolta roinnt plandaí, mar shampla magairlíní

Bunús na hinspeirme cuir in eagar

Tá síolta beaga le suthanna beaga agus inspeirmeacha flúirseacha ag sinsir na bplandaí bláthanna, agus is gnách go léiríonn forbairt éabhlóideach na bplandaí bláthanna treocht i dtreo plandaí le síolta aibí le beagán nó gan aon inspirme. I bplandaí bláthanna atá níos díorthaíte, líonannan an suth an chuid is mó den síol agus bíonn an inspeorm neamh fhorbartha nó ite roimh an síol a bheith  aibithe.[2][3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "retrieved 14 July 2010". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2 Meán Fómhair 2017. Dáta rochtana: 1 Nollaig 2017.
  2. "The Seed Biology Place - Seed Dormancy".
  3. Friedman, William E. (1998), "The evolution of double fertilization and endosperm: an "historical" perspective", Sexual Plant Reproduction, 11: 6, doi:10.1007/s004970050114