Is éard is síol ann ná ubhóirín aibí toirchithe an phlanda, a chuimsíonn an suth is ciste bia chun an síolphlanda a chothú le linn an ghinidithe, taobh istigh de chumhdach cosanta a dtugtar an síolchóta air.

Síolta lín

Sna gimnispeirmeacha ,luíonn na síolta nochta ar chrotail an chóin. I bplandaí bláfara, bíonn na síolta cosanta taobh istigh den ubhagán.

Bíonn cuid de na síolta an-mhór (mar shampla, an cnó cócó) agus ní tháirgtear ach líon beag díobh. Cuid eile acu, is bídeach iad agus táirgtear iad in uimhreacha ábhalmhóra (mar shampla, an magairlín).

Soláthraíonn an síol modhanna scaipthe, le cabhair an toraidh, agus i bplandaí ilbhliantúla, modhanna chun séasúir gharbha a sheasamh.

Ginidíonn cuid de na síolta go díreach tar éis a scaipthe, ach luíonn cuid eile acu ar scor go dtarlaíonn cúinsí ar leith, teocht íseal nó déine ard solais, mar shampla.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Síol". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 601.