Ceann den dá roinn sna plandaí síolta, arb iad na plandaí bláfara (angaispeirmeacha) an dara roinn. Bíonn síolta nochta (gan a bheith cumhdaithe le hubhagán) acu, ach is fíordhifriúil óna chéile baill na rann. Tá siad chomh difriúil sin go meastar anois gur díorthaíodh iad ó línte dúchasacha a bhí iomlán scoite óna chéile. Cuimsíonn an roinn grúpaí beo is grúpaí iontaise. Bhí gimnispeirmeacha luatha flúirseach sa tréimhse Charbónmhar, agus cumadh cuid mhaith de na fosuithe guail astu. Ba iad an fásra ceannasach sa tréimhse Iúrasach is an tréimhse Chailceach, ach ina dhiaidh sin d'imigh an chuid is mó i léig. Tháinig cineálacha beo chun cinn go forleathan arís i rith an oighrithe dheireanaigh, agus faightear fós iad i réigiúin fhuara mheasartha is fho-thrópaiceacha, fiú sna trópaicí go hard sna sléibhte. Faoi seo, tá cuid mhaith de na cineálacha teorannaithe d'fhairsingí beaga.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoGymnospermae Cuir in eagar ar Wikidata

arócar Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
RoinnGymnospermae Cuir in eagar ar Wikidata
Prantl, 1874

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gimnispeirmeacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 316.