Institiúid an Aoire Mhaith
Cuireadh Institiúid an Aoire Mhaith (Laidin: Insitutum a Bono Pastore) ar bun i mBordeaux na Fraince ar 8 Meán Fómhair 2006. Mar sin féin, tá an comhphobal taobh thiar de níos sine fós. Caitheadh an tAthair Paul Aulagnier amach ó Chumann Naomh Pius X sa bhliain 2003 tar éis dó labhairt go poiblí i bhfabhar an athmhuintearas idir an Pápa agus traidisiúnaithe ó Dheoise Campos agus cruthú an Reachtas Aspalda Eoin Máire Vianney Naofa ann. Bhí an tAthair Aulagnier an-mhór leis an Ardeaspag Lefebvre (1905-1991) a chuir Cumann Naomh Pius X ar bun.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | sochaí na beatha aspalda | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 2006 | ||||
Bunaitheoir(í) | Philippe Laguérie, Guillaume de Tanoüarn (en) , Paul Aulagnier (en) , Christophe Héry (en) agus Henri Forestier (en) | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Gluaiseacht | Caitliceachas traidisiúnaíoch | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Stiúrthóir/bainisteoir | Luis Gabriel Barrero Zabaleta (en) (2019–) | ||||
Codanna | |||||
Suíomh gréasáin | institutdubonpasteur.org | ||||
Sa bhliain 2004, labhair an tAthair Philippe Laguérie, sagart eile de chuid Chumann Naomh Pius X, amach i gcoinne polasaithe i gcliarscoileanna an Chumainn agus caitheadh amach as an gCumann é. D'fhan sé i mbun an teach a bhí aige i mBordeaux áfach agus tháinig roinnt sagart eile ón gCumann chuige. Tar éis dóibh socruithe a dhéanamh le hArd-deoise Bordeaux agus reachtas na hEaglaise Caitlicigh sa Róimh, bronnadh aitheantas ar an Institiúid nua. Tháinig roinnt sagart eile chucu agus anois tá tithe acu sa Bhrasaíl, sa tSile agus sa Cholóim.
Léann sagairt na hInstitiúide an tAifreann Laidineach amháin.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Institutdubonpasteur.org
- IBP i Meiriceá Theas Curtha i gcartlann 2019-02-18 ar an Wayback Machine
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |