Iognáid Loyola
Ignatius (nó Ínigo nó Iognáid) de Loyola (1491 – 31 Iúil 1556) a bhunaigh Cumann Íosa sa bhliain 1534. Is naomh é Iognáid ó Loyola. [1][2]
Saol
cuir in eagarSaolaíodh i dTír na mBascach é, i gcaisleán Loyola sa bhliain 1491[3]. Chuaigh sé le saighdiúireacht agus goineadh go dona é ag cath Pamplona sa bhliain 1521.
Nuair a bhí sé ag teacht chuige féin, chun an t-am a mheilt léigh sé Beathaí na Naomh agus an Bíobla. Chuaigh an léitheoireacht seo go mór i bhfeidhm air agus bhí tiontú spioradálta aige. Mar sin bheartaigh sé a shaol a chaitheamh i mbeatha rialta.
D’fhreastail sé ar Ollscoil i bPáras sa bhliain 1528.Gach samhradh chaith sé roinnt ama ag lorg déirce i Londain chun a tháillí a íoc.
Mhóidigh siad an chuid eile dá saol a chaitheamh i mbochtaineacht agus in aontumha agus fanacht dian dílis don Phápa.
Na misin
cuir in eagarBhí páirt thábhachtach ag na hÍosánaigh san Fhrith-Reifirméisean agus, níos deireanaí, i nua-aoisiú na hEaglaise.
Ba é Loyola a bhunaigh ord rialta Cumann Íosa sa bhliain 1534[4] (in éineacht le Proinsias Xavier agus Peter Faber agus fir eile). Mhóidigh seisean agus na fir eile an chuid eile dá saol a chaitheamh i mbochtaineacht agus in aontumha agus fanacht dian dílis don Phápa.
Sa bhliain 1540, fuair Foirmle Bhunaithe an Chumainn faomhadh Phól a Trí, a bhí ina Phápa san am.
Bhí páirt thábhachtach ag na hÍosánaigh san Fhrith-Reifirméisean agus, níos deireanaí, i nua-aoisiú na hEaglaise.
Paidir Iognáid Naofa
cuir in eagar- A Íosa mhaith, múin dom bheith fial flaithiúil leat,
- Fónamh duit de réir mar
- atá tuillte agat
- Tabhairt uaim gan an
- costas a áireamh
- Troid gan aird a thabhairt
- ar na gonta
- Saothrú gan bheith ag iarraidh scíth a ligean
- Sclábhíocht gan luach saothair a iarraidh
- Ach luach saothair an eolais
- Go bhfuilim ag déanamh go thola
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Donncha Ó Céilleachair (1962). "Iognáid Loyola" (FÁS).
- ↑ "Scéal an Oilithrigh: Iognáid Loyola Ina Chuid Focal Féin - Alan Mac Eochagáin - 9781906982010". www.omahonys.ie. Dáta rochtana: 2022-07-31.
- ↑ Ennis parish (29 Iúil 2018). "[2018-7-29.pdf Naomh Iognáid Loyola]". Dáta rochtana: 31 Iúil 2018.[nasc briste go buan]
- ↑ Feasta (2010-05-01). "Cumann Íosa". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-07-16. Dáta rochtana: 30 Iúil 2018.
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |