Cuirtear ionad altranais (nó teacht altranais)[1] ar bun do dhaoine nach féidir leo ach an-bheagán aire a thabhairt dóibh féin, daoine bhreacaosta an chuid is mó.

An Cnoc Maol (Knockmoyle), sráidbhaile i gContae Thír Eoghain

Ionaid altranais in Éirinn

cuir in eagar

Bhí thart ar 22,300 duine ina gcónaí in ionaid altranais sa Phoblacht in 2024. Idir 2018-2024, dhún 77 ionad altranais sa Stát le sé bliana mar gheall ar chostais arda. Is i gceantair thuaithe is mó a bhí na hionaid altranais sin, a dúradh.[2]

Scéim Chothrom na Féinne

cuir in eagar

Faoi Scéim Chothrom na Féinne sa Phoblacht, a bunaíodh sa bhliain 2009, íocann daoine méid áirithe as a gcúram agus íocann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an chuid eile.[3] Dá mhéid sócmhainní atá ag daoine is ea is mó a íocann siad agus, a mhalairt sin go cruinn, dá laghad sócmhainní atá acu is ea is lú a íocann siad. Cuirtear coigilteas agus réadmhaoin san áireamh nuair atá cúinsí airgeadais daoine á measúnú.

Faigheann gach ionad altranais €1,000 ar a laghad as gach áitritheoir in aghaidh na seachtaine.[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéarla, nursing home
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-09-19). "'77 ionad altranais dúnta ar fud an Stáit ó 2018'" (as ga-IE). 
  3. Citizensinformation.ie. "Scéim Chothrom na Féinne" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-09-22.