Ionsaí diúracán ar Horza


Ar 5 Deireadh Fómhair 2023, phléasc diúracán ollmhór a bhí scaoilte ag fórsaí Rúiseacha le Horza, sráidbhaile in oirthear na hÚcráine.[1] Bhí an eachtra seo ar cheann de na hionsaithe is mó inar maraíodh sibhialtaigh ó thús an chogaidh, Ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí diúracán ar Horza
Íomhá
Map
 49°40′23″N 37°12′30″E / 49.6731°N 37.2083°E / 49.6731; 37.2083
Cineálbuille diúracáin
dúnmharú líonmhar
coir chogaidh
ionsaí sceimhlitheoireachta Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deEastern Ukraine campaign (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana5 Deireadh Fómhair 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amatimeline of the Russian invasion of Ukraine (October 2023) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhHroza, An Úcráin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna59 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe7 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireFórsaí Armtha na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Iskander-K TEL 9P78-1 le haghaidh diúracán 9M728
Iskander-M

Ionsaí cuir in eagar

Is in Oblast Kharkiv atá an sráidbhaile Horza, gar don teorainn leis an Rúis agus 30 ciliméadar ó bhrollach an chatha ag an am. Bhí thart ar 300 duine ina gcónaí i Horza ag an am.

Diúracán den déanamh Iskander a scaoil na Rúisigh leis an áit. Sin diúracán balaistíoch tréanphléascach atá 7.3 méadar ar a fhad.[2]

Íospairtí, Horza, 5 Deireadh Fómhair 2023

Pléascadh cuir in eagar

Bhí 52 duine in iomlán caillte de bharr an ionsaithe. Bhí daoine tagtha le chéile le haghaidh tórraimh a bhí ar siúl i gcaife i sráidbhaile Hroza nuair a phléasc an diúracán gan aon fhógra sa tsráidbhaile.

Bhí sé séanta ag an Rúis gur dhírigh siad an t-ionsaí ar shibhialtaigh den ghnó. Comhtharlú amach is amach a bhí ann, a mhaígh an Rúis, gur sochraid saighdiúir Úcránach a bhí ann, agus go raibh cúpla saighdiúir eile ann ag an am, nó a lucht tacaíochta. Cheap daoine eile go bhfuair na Rúisigh leid faoi, agus brathadóir a bhí ann

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ (2023-10-06). "Ionsaí ar shibhialtaigh in Kharkiv: ardú ar líon na marbh" (as ga-IE). 
  2. Nuacht RTÉ (2023-10-05). "51 duine maraithe de bharr ionsaí diúracáin san Úcráin" (as ga-IE).