Diúracán a fhaigheann a fhuinneamh cinéiteach le linn a lainseála agus a eitlíonn ansin ar feadh ruthaig, cinntithe ag a luas tosaigh, an domhantarraingt is cúltarraingt fhrithchuimilteach an aeir, go sroicheann an targaid.

Infotaula d'armaDiúracán balaistíoch
Cineálweapon functional class (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Minuteman III

Sa chiall seo is diúracán balaistíoch piléar ó ghunna, ach le bheith beacht, úsáidtear an téarma do na diúracáin idirilchríochacha is na diúracáin a lainseáltar ó fho-mhuireáin a iompraíonn buamaí núicléacha.

Polaris A1, Polaris A2, Polaris A3, Poseidon, Trident I and Trident II

Uaireanta bíonn na diúracáin seo fuinnmhithe ag roicéad amháin nó níos mó, gach ceann acu ag adhaint i ndiaidh a chéile is ag titim nuair a bhíonn sé ídithe.

Bíonn an chuid eile den diúracán, leis na buamaí, saor chun an ruthag a chríochnú go balaistíoch. Mar mhalairt air seo, tá an diúracán cúrsála, a mbíonn sciatháin air, is innill a fhuinnmhíonn é an t-am ar fad, ionas gur féidir leis a chúrsa a athrú chun díriú ar thargaid.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Diúracán balaistíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 216.