Diúracán cúrsála
Saghas diúracáin a eitlíonn an t-am ar fad ar eití, agus a thiomáintear le hinneall is ocsaigin ón aer (mar ocsaídeán a mheascann le breosla in umar ar bord) is ea diúracáin cúrsála.
Bíonn sciatháin air, is innill a fhuinnmhíonn é an t-am ar fad, ionas gur féidir leis a chúrsa a athrú chun díriú ar thargaid.
StairCuir in Eagar
Diúracán mar seo ab ea an V-1 de chuid na Gearmáine sa dara cogadh domhanda, a úsáideadh chun Londain is cathracha eile sa Bhreatain a bhuamáil i 1944.
D'athbheoigh na Stáit Aontaithe an coincheap timpeall 30 bliain ina dhiaidh sin chun gnáthbhuamaí is buamaí núicléacha a sheoladh go saor ar spriocanna i gcéin, agus córas ríomhaire ar bord chun iad a dhíriú go cruinn.
InniuCuir in Eagar
Faoi seo tá diúracáin cúrsála ag na Stáit Aontaithe ar féidir a lainseáil ón talamh, longa is fomhuireáin, agus an t-aer.
TagairtíCuir in Eagar
|
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |