Jack Chambers
Is Aire Airgeadais na hÉireann agus leascheannaire ar Fhianna Fáil é Jack Chambers (a rugadh ar an 21 Samhain 1990).[1] Tá Chambers ina Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath Thiar ón bhliain 2016.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Samhain 1990 33 bliana d'aois Gaillimh, Éire |
Aire Stáit ag an Roinn Cosanta | |
17 Samhain 2020 – ← Paul Kehoe | |
Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh | |
15 Iúil 2020 – ← Dara Calleary | |
Aire Stáit don Ghaeltacht agus Spórt | |
15 Iúil 2020 – | |
Aire Stáit sa Roinn Airgeadais | |
1 Iúil 2020 – 15 Iúil 2020 ← Michael W. D'Arcy – Seán Fleming → | |
Teachta Dála | |
8 Feabhra 2020 – Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
Teachta Dála | |
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 32ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Thiar Toghadh i: Olltoghchán 2016 in Éirinn | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Belvedere |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fianna Fáil |
Suíomh gréasáin | jackchambers.ie |
Beatha
cuir in eagarCé gur i nGaillimh a rugadh Chambers, bhog sé go hIarthar Bhaile Átha Cliath ag aois óg.
Is dochtúir leighis é agus rinne sé staidéar ar Leigheas san RCSI. Tá céim onóracha aige sa Dlí agus san Eolaíocht Pholaitiúil ó Choláiste na Tríonóide.[1]
Sna 2010idí, bhí Chambers ina Chomhairleoir le Comhairle Contae Fhine Gall chomh maith le bheith ina Leas-Mhéara.
Toghadh é chuig an Dáil in olltoghchán Feabhra 2016 in Iarthar Bhaile Átha Cliath, a chéad rith riamh, agus atoghadh é in olltoghchán 2020.
Bhí Chambers ina Phríomh Aoire ar an Rialtas i Roinn an Taoisigh idir 2020-22, bhí sé ina Aire Stáit i ranna éagsúla - ina measc i ngnóthaí Gaeltachta idir 2021-2022 (tráth a chuir sé go mór lena chuid Gaeilge agus tugadh isteach reachtaíocht chun cearta teanga phobal na Gaeilge a neartú) agus Aire Stáit Cosanta.
Bhí sé ina bhall gníomhach ar choistí éagsúla Oireachtais, lena n-áirítear an Coiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, an Coiste Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Coiste um Athchóiriú an tSeanaid.[1]
Ar an 19 Meitheamh 2024, cheap an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, Chambers mar leascheannaire - folúntas a bhí sa pháirtí ó d'fhág Dara Calleary an post i 2020 i bhfianaise scannal dhinnéar gailf Thithe an Oireachtais. Dúirt Martin gur polaiteoir cumasach agus díograiseach é Chambers a bhfuil "scileanna eagrúcháin" den scoth aige.[2]
Ar an 25 Meitheamh 2024, ceapadh Chambers mar Aire Airgeadais[3] (in áit Michael McGrath atá ainmnithe ina Choimisinéir Eorpach thar ceann na hÉireann). Fágann ceapachán Chambers gur cainteoir Gaeilge atá ina aire airgeadais den chéad uair ó 2017 (nuair a bhí an post ag Michael Noonan, iarcheannaire Fhine Gael).[4]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 gov.ie (2020-07-01). "Jack Chambers" (ga-IE). www.gov.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-19. Dáta rochtana: 2024-06-19.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-06-19). "Jack Chambers ceaptha ina leascheannaire nua ar Fhianna Fáil" (as ga-IE).
- ↑ Ag an aire airgeadais atá an aireacht is sinsearaí sa Rialtas
- ↑ "An t-iar-aire stáit Gaeltachta Jack Chambers le ceapadh ina aire airgeadais" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-25). Dáta rochtana: 2024-06-25.