Jacob Grimm

focleolaí, teangeolaí, dlí-eolaí, agus miotaseolaí Gearmánach

Chuir Jacob Grimm go mór le litríocht an domhain, mar bhéaloideasaí, scéalaí, agus sár-fhocleolaí (4 Eanáir, 1785 in Hanau sa Hessen - 20 Meán Fómhair 1863).

Jacob Grimm
Jacob Grimm Friedlaender.png
Ball de Pharlaimint Frankfurt

Saol
Ainm iomlánJacob Ludwig Karl Grimm
Eolas breitheHanau agus Henau, 4 Eanáir 1785, 1785
NáisiúntachtElectorate of Hesse (en) Aistrigh
an Phrúis
Teanga dhúchaisAn Ghearmáinis
BásBeirlín, 20 Meán Fómhair 1863, 1863
Áit adhlacthaAlter St.-Matthäus-Kirchhof Berlin (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (stróc)
Muintir
AthairPhilipp Grimm
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Siblíní
Oideachas
Alma materOllscoil Marburg
TeangachaAn Ghearmáinis
Mic léinnBenedict Waldeck
Leo Meyer
Georg Schambach
Gairm
Gairmsaineolaí dlí, foclóirí, antraipeolaí, teangeolaí, focleolaí, miotaseolaí, leabharlannaí, aistritheoir, leabharlannaí dlí, scríbhneoir litríocht pháistí, múinteoir ollscoile, scoláire liteartha, staraí dlí, secretary of legation (en) Aistrigh, file dlíodóra, miotagrafaí, scríbhneoir, polaiteoir agus collector of fairy tales (en) Aistrigh
Áit oibreHanau, Kassel, Marburg, Göttingen agus Beirlín
FostóiríOllscoil Göttingen
Frederick William University (en) Aistrigh  (1841 -
Saothar iomráiteachDeutsche Mythologie (en) Aistrigh
Grimms' fairy tales (en) Aistrigh
Duaiseanna
BallraíochtGerman National Assembly 1848/49 (en) Aistrigh
Acadamh Ríoga na Prúise um Eolaíocht
Academy of Science for Public Utility (en) Aistrigh
Cumann an Léinn Sheirbiach
Acadamh na nEolaíochtaí, Göttingen
Acadamh Eolaíochtaí na hUngáire
Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Acadamh Rúiseach na nEolaíochtaí
Acadamh Ríoga Litríochta, Staire, agus Seaniarsmaí na Sualainne
Acadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí na Baváire
Acadamh Ríoga Ealaíon agus Eolaíochtaí na hÍsiltíre
GluaiseachtRómánsachas
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Chaitliceach Rómhánach
IMDbnm0342278
Signatur Jacob Grimm.PNG
1840

ScéalaíochtCuir in Eagar

 
Na deartháireacha, 1855

Le cúnamh a dhearthár, Wilhelm Grimm, chnuasaigh sé agus d’fhoilsigh finscéalta meallacacha a thíre dúchais. Ar eolas i dtosach báire mar "Deutsche Sagen", bhí siad chomh taitneamhach i mbéal an phobail go ndearnadh nathán buan chlúiteach dá shloinne.

Tá eolas leathan ar shloinne Ghrimm agus tugtar ard-urraim dó ar fud an domhain inniu mar údar na bhfinscéal draíochtúil úd Plúirín sneachta, Hansel is Gretel, agus mar sin de.

Mar sin féin, níl iontu-siúd ach cuid bheag dá dheonú dearscnaithe ar litríocht an domhain.

TeangeolaíochtCuir in Eagar

Airítear a Deutsche Grammatik, a leabhar gramadaí Gearmáinise a foilsíodh i gceithre imleabhair, ar a phríomh-shaothar. B’ é an chead taighde stairiúil a rinneadh fé teangacha Gearmánacha, agus glactar leis fós mar an scoth dá chineál.

Ar ball, tar éis tuilleadh blianta diana staidéir, chum sé saothar scolártha eile fé Bunús Teanga. Thug sé fíor-shuntas dó mar dhuine de na scoláirí teangeolaíocha dearscnaithe lena linn. Chuir an saothar mion chúiseach seo fé ealaín teanga tús le nua-raonta staidéir sa bhfocleolaíocht. Níl ach a laghad de shamhail Ghrimm sa raon staidéir seo, admhaítear.

Ar deireadh thiar, chaith sé a dhúthracht ar fhoclóir Gearmáinise cuimsitheach a chur le cheile – an Deutsche Worterbuch, mar a thug sé air. Bíodh gur shaothraigh sé gan stad gan staonadh go ceann aon bhliain déag, ní raibh sé críochnaithe aige nuair tháinig an bás air i 1863. Bhí sé 78 mbliana d’aois an t-am úd. Chríochnaigh scoláirí Gearmánacha é i rith 1961, ámh.

ÍomhánnaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar