James Hoban
B'ailtire Éireannach é James Hoban (t. 1758 - 8 Nollaig, 1831), a dhear roinnt foirgnimh poiblí in Éirinn agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. An t-éacht is mó a rinne sé ná an Teach Bán i Washington, D.C.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1762 Contae Chill Chainnigh ![]() |
Bás | 8 Nollaig 1831 68/69 bliana d'aois Washington, D.C. ![]() |
Áit adhlactha | Mount Olivet Cemetery (en) ![]() ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ailtire ![]() |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Páiste | James Hoban Jr. ![]() |
Luathshaol Cuir in Eagar
Tháinig Hoban ar an saoil i mBaile Mhic Dháith, baile beag in aice le Callainn, Contae Chill Chainnigh, agus tógadh é ar eastát an Iarla Bhaile Mhic Dháith ag Gráinseach Chuffe, áit inar fhoghlaim sé ceird na cearpantóireachta. Ina dhiaidh sin, fuair sé a chuid oideachais san ailtireacht ag Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.
Tar éis Réabhlóid Mheiriceá, d'fhág Hoban BÁC agus chuir sé faoi i Meiriceá.
Ailtireacht Cuir in Eagar
Chuir Hoban bun le gairmréim mar ailtire i Philadelphia sa bhliain 1781.
An bhliain dár gcionn, thaisteal Hoban go dtí Carolina Theas, agus dhear sé roinnt foirgnimh ann, Teach Stáit Carolina Theas i gColumbia ina measc.
Sa bhliain 1792, b'é Hoban an buaiteoir i gcomórtas a cuireadh ar siúl chun dearthóir an árais uachtaránachta nua a roghnú, an Teach Bán mar a tugadh air níos déanaí.
Bhí plean Hoban bunaithe ar Theach Laighean i mBaile Átha Cliath[1], ach rinne sé foirgneamh dhá stór de, tar éis iarratas ó George Washington. Tógadh an foirgneamh idir na blianta 1793 agus 1800.
Bhí Hoban ar dhuine de na h-ailtirí maoirseachta a bhí ag obair ar Chnoc an Chaipeatóil i Washington, ag cur i gcrích scéimeanna a bhí deartha ag Dr. William Thornton.
Chaith Hoban an chuid eile dá shaol i Washington, D.C., ag obair anois is arís ar fhoirgnimh poiblí agus scéimeanna rialtais eile, bóithre agus droichid ina measc.
Dhear Hoban Rossenarra House in aice leis an tsráidbhaile Cill Mogeanna i gContae Chill Chainnigh chomh maith, sa bhliain 1824.
Bhásaigh Hoban i Washington, D.C. ar an 8 Nollaig 1831.
Tagairtí Cuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |