Callainn

baile i gContae Chill Chainnigh

Is ceann de mhórbhailte Chontae Chill Chainnigh í Callainn[1], atá suite deich míle ó dheas ó chathair Chill Chainnigh i bPoblacht na hÉireann ar an mbóthar N76, ar an teorainn idir Chill Chainnigh agus Tiobraid Árann Theas. Ba ansin a rugadh cúpla duine mór le rá, ar nós Éamann Iognáid Rís, bunaitheoir na mBráithre Críostaí agus James Hoban, dearthóir an Tí Bháin i Washington D.C.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCallainn

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°33′00″N 7°23′00″W / 52.55°N 7.383333°W / 52.55; -7.383333
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Chill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla5 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde65 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie26222

B'fhéidir gurbh é Amhlaoibh Ó Súilleabháin (1780-1838), múinteoir agus mangaire línéadaigh, an t-áitritheoir ba chlúití. Scríobh sé dialann as Gaeilge sna blianta 1827-35 ina bhfuil cur síos cruinn ar shaol an bhaile i nGaeilge na háite, agus an teanga á lagú san áit ag an am. Bhaist sé Callainn an Chlampair ar an mbaile. Bhí Callainn ar ceann de na bailte ba bhoichte in Éirinn ag an am, agus míchlú ar an mbaile dá dheasca sin. Tá dialann Amhlaoibh ar ceann de na mionchuntais is fearr a scríobhadh ar shaol na linne, go háirithe ar an gcúis is gurb í an tsúil dhúchasach a chaitear air.

"The Moat"

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar