Amhlaoibh Ó Súilleabháin

dialannaí Éireannach

Scríbhneoir Gaeilge ab ea Amhlaoibh Ó Súilleabháin, a saolaíodh i gCill Áirne 1780 agus a shíothlaigh i gCallainn, Co. Chill Chainnigh 1838.[1] Sna 1820idí agus sna 1830idí, bhí sé ag scríobh dialainne faoi na himeachtaí comhaimseartha. Bhí cónaí air i gCallainn, Contae Chill Chainnigh, áit a raibh an Ghaeilge díreach ag imeacht, agus is é a dhialann, nó a Chín Lae, an fhoinse is tábhachtaí a thugann léargas ar an gcanúint a bhí á labhairt sa chompal sin nuair a bhí an Ghaeilge beo ansin.

Infotaula de personaAmhlaoibh Ó Súilleabháin
Beathaisnéis
Breith1780
Cill Airne Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Samhain 1838
57/58 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmdialannaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Saothar
Saothar suntasach

I gCill Airne a tháinig Amhlaoibh Ó Súilleabháin ar an saol, ach nuair a bhí sé naoi mbliana d'aois, chuaigh a athair, Donncha Ó Súilleabháin, agus é ina mháistir scoile, chuaigh sé ag obair i bPort Láirge, agus a chlann ag leanúint leis. An bhliain a bhí chugainn, arís, shocraigh an teaghlach síos i gCallainn. Chaith an t-athair agus a mhac cuid mhaith ama ag féacháil le slí bheatha éigin a bhaint amach ag múinteoireacht sna bailte máguaird. Múinteoirí scoile scairte a bhí iontu, cé go ndealraíonn sé go raibh bothán nó teach de shórt éigin acu an chuid ba mhó den am le haghaidh scoile. Fuair athair Amhlaoibh bás sa bhliain 1808, agus is dóigh le Tomás de Bhaldraithe, fear eagair na Cíne Lae, gurbh ansin a chuir Amhlaoibh faoi go seasta i gCallainn.

Múinteoir agus Fear Ileolach

cuir in eagar

Is dócha go raibh Amhlaoibh féin éirithe as an múinteoireacht cheana féin nuair a bhreac sé síos an Chín Lae, ach déanann sé tagairt dá dheartháir, Donncha Óg, a bhí i gceann na hoibre céanna i gcónaí, agus é ag déanamh a chuid múinteoireachta ar áiléar a thí féin.

Dealraíonn sé go raibh eolas réasúnta maith ag Amhlaoibh ar go leor ábhar foghlama a bhí tábhachtach don mhúinteoir chois claí, ar nós na matamaitice, na litríochta Clasaicí agus na luibheolaíochta. Bhí suim ar leith aige sna luibheanna agus sna plandaí, agus tá a dhialann breac le tagairtí do chúrsaí an dúlra. Bhí léann agus Béarla aige, mar a déarfadh fear na Gaeltachta, nó scríobh sé an dialann sa dá theanga, cuid di as Gaeilge agus cuid di as Béarla, agus ní raibh locht ar bith ar a chuid Béarla.

A Shaol Príobháideach

cuir in eagar

Bhí sórt gnóthais ag Amhlaoibh, agus é ag déileáil leis an línéadach. Chaithfeadh sé turasanna fada a dhéanamh le freastal ar a chuid gnóthaí. Mar sin, ní raibh sé ar duime de bhochtáin na háite go díreach. Bhíodh caidreamh aige leis na maithe is na móruaisle, ar nós an dochtúra áitiúil. Bhí sé ina chaidreamhach maith agus ina fhear mór ragairne agus cluichí. Bhí sé pósta ar bhean darbh ainm Máire Ní Dhulachanta, ach ní dhearna sé mórán tráchta uirthi ina dhialann. Fuair sí bás air, áfach, agus cé go raibh an-chumha air ina diaidh, bhí sé ag caint ar fhéidearthacht an chleamhnais nua. Ní dhearna sé an t-athphósadh riamh, áfach.

Gael Deireanach a Shloinne

cuir in eagar

Rinne sé staidéar agus taighde ar sheanchultúr na nGael mar chaitheamh aimsire, agus é ag bailiú lámhscríbhinní Gaeilge agus ag breacadh síos nótaí faoin gcanúint áitiúil. Bhí ciall aige do chúrsaí sochtheangeolaíochta agus dátheangachais fosta, agus é ag cur cron ann go raibh na tuismitheoirí ina thimpeall ag cromadh ar an mBéarla a labhairt lena gclann. Cúis bhuartha a bhí ann dó, nó d'aithin sé nach mbeadh mórán maireachtála i ndán don Ghaeilge, agus an chuma sin ar an scéal.

Nuair a fuair Amhlaoibh bás, is é an leagan dá ainm a greanadh ar leac na huaighe ná Humphrey O'Sullivan. Sin é an t-ainm a thugadh sé air féin as Béarla, cé nár léir do lucht a chomhaimsire féin an bhaint a bhí ag na hainmneacha Amhlaoibh agus Humphrey le chéile.

A Chuid Gaeilge

cuir in eagar

Cé go raibh suim aige i gcanúint Chill Chainnigh, scríobhadh Amhlaoibh i nGaeilge a bhí faoi thionchar na Nua-Ghaeilge Clasaicí agus na filíochta a léadh sé ar na seanlámhscríbhinní. Bhí sé féin ag cumadh téarmaí nua de réir mar a theastódh uaidh, agus é an-chruthaitheach ag lúbadh agus ag aclú na teanga. Seo cúpla focal dá chuid:

  • ardchathair (príomhchathair)
  • búrcánaigh (corpshladaithe, corpghadaithe, daoine a sciobfadh marbháin as na huaigheanna le hiad a dhíol le dochtúirí le haghaidh taighde anatamaíochta)
  • céalacan a bhriseadh bricfeasta a bheith agat. An duine nach raibh a bhricfeasta aige go fóill, deirtear go bhfuil sé ar céalacan. (I nGaeilge an lae inniu, baintear úsáid as an bhfocal céalacan ó am go ham sa chiall "stailc ocrais". Is dócha gurbh é Máirtín Ó Cadhain féin a chuir tús leis an úsáid seo.) Tabhair faoi deara go bhfuil an bunsmaoineamh céanna - to break fast - le haithint san fhocal Béarla breakfast, a fuair an Ghaeilge ar iasacht.
  • cín lae a thug Amhlaoibh ar a dhialann; is focal seanársa é cín a chiallaíonn leabhar. Focal baininsceach is ea é: an chín, na cíne.
  • cloch-chéimire (focal a chum Amhlaoibh le "stone staircase" an Bhéarla chomhaimseartha a aistriú go Gaeilge)
  • Maoi (Bealtaine)
  • ollamh leá (dochtúir; is seanghineadach den fhocal lia é "leá", nó "leagha" sa seanlitriú)
  • sámhshleamhnú (scátáil)
  • saobhchreideamh (piseog)
  • tineshliabh (bolcán; cf. eldfjall san Íoslainnis agus tulivuori san Fhionlainnis)
  • de BHALDRAITHE, Tomás: Cín Lae Amhlaoibh. Leabhair Thaighde. an 18ú hImleabhar. An Clóchomhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1970/1973/1976

Féach freisin

cuir in eagar