James Nolan

lúthchleasaí

Ba reathaí Éireannach idirnáisiúnta é James Nolan (rugadh 27 Eanáir 1977) a bhíodh san iomaíocht ón mbliain 1996 go dtí 2008. Ghlac sé páirt sna Cluichí Oilimpeacha faoi dhó, ina speisialtacht de 800 méadar idir 1996 agus 2000 sular athraigh sé go dtí an 1500 méadar níos déanaí an bhliain sin. Ba é Nolan an dara duine ab fhearr i rás an 800 meádar ag Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta na hEorpa Faoi23 sa bhliain 1999 agus arís thar 1500 méadar ag Craobhchomórtas na hEorpa faoi Dhíon sa bhliain 2000. Rith Nolan i roinnt mhaith craobhchomórtas san blianta a lean, agus ghlac sé páirt i rásanna i mbreis is 25 tír i rith a réimis a lean trí bliana déag.

Infotaula de personaJames Nolan
Beathaisnéis
Breith27 Eanáir 1977
47 bliana d'aois
Contae Uíbh Fhailí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmreathaí meánfhaid Cuir in eagar ar Wikidata
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtlúthchleasaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Disciplín spóirtmiddle-distance running (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2004Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2004
2000Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2000 Cuir in eagar ar Wikidata

World Athletics: 14199037 Cuir in eagar ar Wikidata

Oiliúnóir spóirt é anois, tar éis dó céim a fháil ó UCD sa bhliain 2008. D’fhreastail sé ar UCD ón mbliain 1996-2001 ar scoláireacht spóirt agus ansin ón mbliain 2005-2008, le BSc i mBainistiú Spóirt. Cuireann sé oiliúint ar fhoireann lúthchleasaíochta UCD tráthnónta Céadaoin, agus deirtear gur eisean an cóitseálaí is déine.

Tagairtí cuir in eagar