Jane Ní Dhulchaointigh

ealaíontóir agus cumadóir Éireannach

Is ealaíontóir agus cumadóir Éireannach í Jane Ní Dhulchaointigh. Bhuaigh sí Gradam Cumadóir na hEorpa le haghaidh Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide ar son Sugru, gliú somhúnlaithe a rinne Time magazine cur síos ar mar cheann de na haireagáin is fearr sa domhan.

Infotaula de personaJane Ní Dhulchaointigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithCill Chainnigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Ríoga na nEalaíon Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir, ealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Saol a hóige agus oideachas cuir in eagar

Rugadh Ní Dhulchaointigh i gCill Chainnigh. Tógadh ar fheirm í agus bhí sé i gcónaí ag deisiú rudaí briste. Rinne sí staidéar ar dealbhóireacht. Nuair a bhí sí 23 bhog sí go Londain le staidéar a dhéanamh ar dhearadh táirgí san Royal College of Art.[1] Is ag an áit seo a chum sí ar Sugru, leaistiméire somhúnlaithe ab féidir úsáid a bhaint as nithe briste a dheisiú.[1] Chuir sí séaltán seomra folctha le chéile le púdar mionraibhe, agus bhí liathróid preabach le cuma adhmaid air aici mar thoradh.[2] Bhain sí a céim amach i 2004.[3] Chuaigh sí ina páirtí le James Carrigan agus Roger Ashby chun an comhlacht FormFormForm a bhuní i 2005.[1] Chaith sí 8,000 uair sa saotharlann chun an táirge a fhorbairt, ag obair le heolaí sileacón. Thug sí demo le táirge béite ag Electric Picnic.[4] Bhuaigh sí deontas £35,000 ó Nesta.[5] Rith siad as airgead i 2008, agus bhain sí úsáid as meán sóisialta le hinnealra a cheannach, pacáistíocht a fhorbairt agus suíomh ghreásáin a dhearadh.[3] D'éirigh leo £250,000 a fháil ó Lacomp PLC i 2006.[6] Seolaíodh an táirge faoi dheireadh i mí na Nollag 2009 agus bhí sé díolta amach laistigh de 6 uair.[7] Roghnaigh sí an t-ainm Sugru i ndiaidh an focal súgradh.[7]

Gairm cuir in eagar

 
Rialaitheoir Xbox atá deisithe le Sugru

Díoltar Sugru i níos mó ná 6,000 siopaí ar fud an domhain. I 2010 rinne Time magazine cur síos air mar cheann de na haireagán is fearr ar an domhan.[8] D'ainmnigh Foras na Gaeilge é mar cheann de na barr 50 gnó le Gaeilge i 2010.[9] Thug sí Ted Talk ag TEDxDublin i 2012.[10] Ainmítear Ní Dhulchaointigh mar Fhiontraí Dearadh na bliana ag Féile Dearadh Londain i 2013.[11] Sheol sí Sugru i siopaí B&Q ar fud an Ríocht Aontaithe agus Éire ag baint úsáid as físeán YouTube chun eolas a thabhairt go dtí na custaiméirí maidir lena táirge.[11][12] Le 2013, úsáideadh Sugru ar gach ceann de na seacht mór-ranna.[5] Chuaigh siad i gcomhar le húsáideoir Sugru Joanne, nach bhfuil aon mhéar aici ar a lámh chlé, ach le mian páirt a ghlacadh i rímharatón.[13][14] Bhí sí roghnaithe ag EY mar cheann de na fiontraithe is fearr sa bhliain.[15] Tugadh cuireadh di eochairchaint a thabhairt ag 99U ag an Ionad Lincoln do na hEalaíona Taibhiúcháin. Rinneadh an eocharchaint a bhí aici, 'The Magic Is in the Process', plé ar an bpróiseas sé bliana ó hmmm go dtí eureka agus wow!.[16] D'fhorbair siad cos scragaill le haghaidh pionsóirí leis an monaróir trealaimh pionsóireachta Leon Paul. I 2014 rinne The Guardian cur síos ar Sugru mar wonder material. Measadh go raibh níos mó ná £3.6 milliún an bhliain tuillte ag FormFormForm i 2016.[17]

Labhair sí ag InspireFest i 2017, nuair a rinne sí tuairim gur bhainead úsáid as sugru chun níos mó ná deich milliún míreanna a dheisiú.[18][19] Sheol siad leagan atá sábháilte le haghaidh páistí go bhfuil ar chumas páistí a bheith páirteach leis an cruthaíocht.[20] Bhuaigh sí Gradam Cumadóir na hEorpa le haghaidh Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide i 2018.[21][22] Is í an chéad duine as Éire duine a bhuaigh an duais sin riamh. Díoladh an comhlacht go Tesa in 2018 le haghaidh £7.6 milliún.[23] Tá sí mar chuid den 'Awesome Foundation', a bhronnann £100 in aghaidh na míosa go dtí smaoineamh éagsúla gach mí.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 European Patent Office. "Jane ní Dhulchaointigh and team (Ireland)" (en). www.epo.org. Dáta rochtana: 2018-11-27.
  2. Shane Hickey (2014-03-16). "Sugru, the new wonder material: 'I made a thing like wood, but it bounced'" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2018-11-27.
  3. 3.0 3.1 The Great Discontent. "Jane Ní Dhulchaointigh on The Great Discontent (TGD)" (en). The Great Discontent. Dáta rochtana: 2018-11-27.
  4. "Sugru inventor Jane Ní Dhulchaointigh wins European Inventor Award" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-11-27.
  5. 5.0 5.1 Emma Sinclair (2013-06-24). "How 'best invention' Sugru went from B&Q to the North Pole" (en-GB). Dáta rochtana: 2018-11-27.
  6. "Jane ní Dhulchaointigh - Entrepreneur of the Year" (en-US). Entrepreneur of the Year. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-22. Dáta rochtana: 2018-11-27.
  7. 7.0 7.1 TJ McCue. "21st Century Duct Tape - Sugru" (en). Forbes. Dáta rochtana: 2018-11-27.
  8. Deirdre Van Dyk (2010-11-11). "The 50 Best Inventions of 2010 - TIME" (en-US). Time. Dáta rochtana: 2018-11-27.
  9. Foras na Gaeilge (2010). "Barr 50 Gnó le Gaeilge 2010".
  10. TEDx Talks (2012-10-02). "Can We All Be Fixers?: Jane Ni Dhulchaointigh at TEDxDUBLIN". 
  11. 11.0 11.1 "Story" (en). sugru.com. Dáta rochtana: 2018-11-27.
  12. Sugru (2011-11-11). "meet Sugru". 
  13. "Jane ni Dhulchaointigh: Where Sugru Comes From | Make:" (en-US). Make: DIY Projects and Ideas for Makers (2013-07-26). Dáta rochtana: 2018-11-27.
  14. "Joanne and her Yukon River Race adventure" (en). sugru.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-22. Dáta rochtana: 2018-11-27.
  15. "Entrepreneurs Archive - Entrepreneur of the Year" (en-US). Entrepreneur of the Year. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-22. Dáta rochtana: 2018-11-27.
  16. Behance, Inc. (2013-08-09). "Jane ni Dhulchaointigh: The Magic Is in The Process" (en-US). 99U by Behance. Dáta rochtana: 2018-11-27.
  17. "Meet the woman behind Sugru, the world's first mouldable glue". Dáta rochtana: 2018-11-27.
  18. Inspirefest HQ (2017-07-14). "Jane Ní Dhulchaointigh, Sugru | Inspirefest 2017". 
  19. John Kennedy (2017-07-13). "Sugru’s Jane Ní Dhulchaointigh on making a good idea stick" (en-GB). Silicon Republic. Dáta rochtana: 2018-11-27.
  20. "Family Safe Formula" (en). sugru.com. Dáta rochtana: 2018-11-27.
  21. European Patent Office. "Outstanding inventors from France, Germany, Ireland, Netherlands, Switzerland and the US honoured with European Inventor Award 2018" (en). www.epo.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-01-23. Dáta rochtana: 2018-11-27.
  22. European Patent Office. "Mouldable glue gives new life to broken possessions: Jane ní Dhulchaointigh named European Inventor Award 2018 finalist" (en). www.epo.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-22. Dáta rochtana: 2018-11-27.
  23. "Sugru: how a brilliant invention became a financial disaster" (en-GB). inews.co.uk (2018-06-05). Dáta rochtana: 2018-11-27.