Jean-Paul Marat
Idé-eolaí agus tíoránach cruálach le linn Réabhlóide na Fraince ba ea Jean-Paul Marat. Rugadh Marat i mBoudry i bPrionsacht Neuchâtel (atá ina chuid den Eilbhéis anois) ar 24 Bealtaine 1743. Dúnmharaíodh é i bPáras ar 13 Iúil 1793.
SaolCuir in Eagar
Bhí Marat ina dhochtúir, ina iriseoir agus ina pholaiteoir chomh maith le bheith ina theachta de chuid na Montagnards sa Chomhdháil. Is fada a creideadh gurb eisean a bhí ciontach as ár na bpríosúnach i bPáras a ghríosú. Ach tá athchomhairle déanta ag na staraithe, tríd is tríd.
DúnmharúCuir in Eagar
Fuair Marat bás fuilteach de bharr a sháite. Thug Charlotte Corday a bhás le scian as fuil fhuar agus Marat san fholcadán. Ba leor sin chun mairtíreach a dhéanamh de ar feadh tamaill.
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |