Jean François Champollion

scoláire Francach (1790–1832)

Fear léinn ón bhFrainc ab ea Jean François Champollion a chur tús leis an léann Éigipteach agus leis an taighde ar na hiaraiglifí, is é sin, córas scríbhneoireachta na sean-Éigiptise. Rugadh i bhFigeac i ndeisceart na tíre é ar an 29 Nollaig 1790 agus fuair sé bás i bPáras ar an 4 Márta 1832. Chuir sé spéis mhór sna teangacha ó laethanta a chéad óige, agus ní raibh sé ach sé bliana déag d'aois nuair a d'fhoilsigh sé an chéad saothar léinn. D'fhoghlaim sé teangacha an Oirthir cosúil leis an bPeirsis, an Araibis nó an Choptais, seanteanga na gCriostaithe san Éigipt. Thuig sé gurbh í an Choptais an eochair don tSean-Éigiptis, agus rud eile fós d'aithin sé go raibh córas na n-iaraiglifí ar nós an réabais, is é sin d'fhéadfá pictiúr an tí a úsáid le focal a bhreacadh síos a d'fhuaimneofá cosúil leis an bhfocal a chiallaigh "teach", mar shampla.

Jean François Champollion
Leon Cogniet - Jean-Francois Champollion.jpg
Saol
Eolas breithe Figeac, 23 Nollaig 1790, 22 Nollaig 1790
Náisiúntacht An Fhrainc
Ríocht na Fraince
Ríocht na Fraince
An Chéad Phoblacht Fhrancach
Céad Impireacht na Fraince
Bourbon Restoration (en) Aistrigh
July Monarchy (en) Aistrigh
Bás Páras, 4 Márta 1832
Áit adhlactha Reilig Père-Lachaise
Cúis bháis bás nádúrtha (stad cairdiach
stróc)
Muintir
Athair Jacques Champollion
Céile/Céilí Rosine Blanc (en) Aistrigh
Siblíní
Oideachas
Alma mater université de Grenoble
Institut national des langues et civilisations orientales
Collège de France
Lycée Stendhal
(Márta 1804 - Lúnasa 1807)
Stiúrthóir tráchtais Antoine Isaac Silvestre de Sacy
Teangacha An Fhraincis
Múinteoirí Raphaël de Monachis
Mic léinn Francesco Salvolini (en) Aistrigh
Karl Richard Lepsius (en) Aistrigh
Gairm
Gairm éigipteolaí, múinteoir ollscoile, teangeolaí, seandálaí, fealsamh, epigrapher (en) Aistrigh, ollamh, údar, feithideolaí agus scoláire na léann clasaiceach
Fostóirí Grenoble Alpes University (en) Aistrigh
Collège de France  (1831 -  1832)
Duais
Ballraíocht Société Asiatique (en) Aistrigh
Académie des Inscriptions et Belles-Lettres (en) Aistrigh
German Archaeological Institute (en) Aistrigh
Royal Netherlands Academy of Arts and Sciences (en) Aistrigh
Russian Academy of Sciences (en) Aistrigh
Royal Swedish Academy of Letters, History and Antiquities (en) Aistrigh
Accademia delle Scienze di Torino
Académie delphinale (en) Aistrigh

Roimh lá Champollion shíleadh an lucht léinn go raibh úsáid na n-iaraiglifí bunaithe ar rúndiamhra an tseanchreidimh Éigiptigh agus nach raibh mórán bainte acu leis an teanga labhartha. Thaispeáin Champollion nach mar sin a bhí, agus go bhféadfá eolas saibhir ar ghnáthshaol na nÉigipteach a bhaint as na scríbhinní iaraiglifeacha. Mar sin chuir sé bun le tuiscint nua chuimsitheach ar stair na tíre.

Fear fíochmhar ab ea Champollion i gcúrsaí polaitíochta, agus luiteamas láidir aige le Napoléon. Nuair a thosaigh athbhunú an mhonarcachais i ndiaidh do Napoléon a chumhacht a chailleadh, áfach, d'éirigh sé dainséarch tuairimí polaitiúla den chineál sin a nochtadh is a admháil, rud a chiallaigh gur chuir an pholaitíocht chomhaimseartha go mór isteach ar obair léannta Champollion.

Sa bhliain 1829 thug Champollion cuairt ar an Éigipt, ach má thug, chuaigh an turas seo chun dochair dá shláinte, agus ní raibh sé ach bliain thar an dá fhichid d'aois nuair a fuair sé bás le stróc.

Bhí cineál coimhlint ar siúl idir Champollion agus an scoláire Sasanach Thomas Young, agus an bheirt fhear ag iarraidh na hiaraiglifí a mhíniú san am chéanna. I ndiaidh bhás Champollion cuireadh ina leith nár thuig sé urraim cheart do Young ina chuid scríbhinní féin agus gur tharraing sé ar shaothar Young gan an úsáid sin a admháil. Is é tuairim choitianta na scoláirí inniu, áfach, cé go raibh Young ábalta bang oibre a dhéanamh, ná nach raibh sé leath chomh ábalta le Champollion, agus go raibh a chuid taighde bacach botúnach i gcomparáid. Mar sin glactar leis i gcónaí gurbh é Champollion fíor-athair an léinn Éigiptigh.