Leac Rosetta
Leac basailt dhuibh le hinscríbhinn as Gréigis, Éigiptis iaraiglifeach (le siombailí pictiúrtha), agus Éigiptis choitianta na linne. Fuarthas sa bhliain 1799 í gar do Chathair Alastair. Trí thraschomhghaolú idir na focail Gréigise is na hiaraiglifí, a rinne an fisicí Thomas Young sa Bhreatain agus go príomha Jean François Champollion sa bhFrainc, léadh na hiaraiglifí den chéad uair, agus uaidh sin an tsean-Éigiptis choitianta is na hinscríbhinní iomadúla iaraiglifeacha ar shéadchomharthaí ársa na sean-Éigipte sna teampaill is tuamaí. I Músaem na Breataine anois.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |