Jesse James
Meirleach Meiriceánach i rith an Iarthair Fhiáin sa Stáit Aontaithe ab ea Jesse Woodson James a rugadh ar an 5 Meán Fómhair, 1847 agus fuair bás ar an 3 Aibreán 1882. Rugadh James in aice Kearney, sa cheantar in iarthar Missouri ar a dtugtar "Dixie Beag".
Bhí Jesse agus a mhuintir báúil leis an nDeisceart i gCogadh Cathartha na Stát Aontaithe. Chuaigh Jesse agus a dheartháir, Frank, leis na "bushwhackers", drong a rinne treallchogaíocht ar son na Cónaidhme in Missouri agus in Kansas sa chogadh sin.
Mar leantóirí de chuid William Quantrill agus "Bloody Bill" Anderson, treallchogaithe, cuireadh mí-úsáid i gcoinne saighdiúirí an Aontais agus sibhialtach, Sléacht Centralia (1864) san áireamh.
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |