Iriseoir agus iar-Eagarthóir RTÉ san Iarthar ba ea Jim Fahy (21 Samhain 194614 Eanáir 2022). Chaith Jim Fahy cuid mhaith dá shaol oibre ag saothrú don chraoltóir náisiúnta idir theilifís agus raidió. Bhíodh a ghlór le cloisteáil go minic agus scéalta móra nuachta á gcraoladh ó iarthar na tíre.[1][2][3][4]

Infotaula de personaJim Fahy
Beathaisnéis
Breith1946
Baile Locha Riach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2022
75/76 bliana d'aois
Tuaim, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

B'as ceantar Bhaile Locha Riach do Jim Fahy ó dhúchas, ach bhí cónaí air i gceantar Thuama nuair a chuaigh sé ar scor.

Tar éis tús a chur lena ghairm bheatha iriseoireachta leis an nuachtán The Tuam Herald. Iriseoir 'ar an seandéanamh' a bhí ann; é dúthrachtach, ionraic agus intinn fhiosrach aige.[5]

Cor cinniúnach ina shaol ba ea a chinneadh dul le RTÉ i 1974. Chuir sé athrú as éadan ar an gcur chuige i leith tuairisciú réigiúnach.[6]

Bhí sé mar chomhfhreagraí ag RTÉ san iarthar, agus ansin i 2005 bronnadh post air mar eagarthóir an chraoltóra sa réigiún sin.

Doiciméadaí cuir in eagar

Thaistil Fahy chuig an Afraic, an Úcráin, Meiriceá Theas, Háítí agus áiteanna eile i bhfad i gcéin, agus rinne sé saol daoine a raibh tionchar ag gorta, cogadh, bochtaineacht agus éagóir orthu a dhoiciméadú.

B'é an chéad iriseoir Eorpach a dhein a shlí isteach in Ground Zero i ndiaidh thubaiste 9/11 sa bhliain 2001. Thuill na cláir faisnéise a rinne sé i gcomhar leis an léiritheoir Caroline Bleahen moladh ó mhórán.

Chuaigh na saothair a rinneadh sa Bhealarúis agus san Úcráin (Searnóbail) i bhfeidhm ar mhórán.

Ghnóthaigh sé breis agus daichead gradam náisiúnta agus idirnáisiúnta as a chuid scannánóireachta.

Bás cuir in eagar

D'éirigh sé as a chuid oibre le RTÉ i 2011.

Bhí Jim Fahy in aois a chúig bliana is seachtó nuair a bhásaigh sé ar 14 Eanáir 2022.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ (2022-01-17). "Jim Fahy adhlactha" (as ga-IE). 
  2. "Tús Áite: Bás Jim Fahy" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-12-17.
  3. "Jim Fahy obituary: Western editor with a huge zest for stories" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-17.
  4. Greg Murphy (2022-01-15). "President Higgins leads tributes to former RTÉ correspondent Jim Fahy" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-12-17.
  5. Breandán M Mac Gearailt (12 Nollaig 2022). "Cuntas ceanúil ar an iriseoir Jim Fahy, guth an iarthair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-17.
  6. Nuacht RTÉ (2022-12-05). "Cloch le Carn: Jim Fahy, craoltóir cumasach agus cara" (as ga-IE).