Séamus Ó hUltacháin
File agus scríbhneoir Gaeilge ba ea Séamus Ó hÚltacháin nó Jim Nolan (1948 - 19 Meán Fómhair 2023.[1][2] Chaith sé scór bliain is tuilleadh ag teagasc i mBÁC, agus é ag scríbhneoireacht ag an am céanna.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1948 Corr na Gaoithe, Éire |
Bás | 19 Meán Fómhair 2023 74/75 bliana d'aois Cluainín, Éire |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Galar néarón luadrach) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Ar scor, d'fhill sé ar an mBlaic i gContae an Chabháin, áit a mbíodh sé ag obair mar threoraí i bPáirc Náisiúnta an Bhoirinn. Bhí an galar néarón luadrach air.
Saothair
cuir in eagarChaith sé scór bliain is tuilleadh ag teagasc i mBÁC, áit ar chruthaigh sé an tsraith leabhar Deco agus a chairde le O'Brien Press (sraith theilifíse do dhéagóirí ar RTÉ níos déanaí). Foilsíodh aistí leis ar iarsmaí seandálaíochta, go háirithe ar chlocha sa tírdhreach, i Breifne agus Archeology Ireland. Bhí sé ina chomhúdar ar Stair Chill na Laighneach. Chonacthas saothar filíochta leis i Scríbhneoirí Cois Teorainn fosta.
- Deco agus a chairde ISBN 0862780950, 1985. / Sraith theilifíse do dhéagóirí ar RTÉ sna 1980idí
- Saoire an tSamhraidh - ISBN 0862781140, 1986
- Craic agus Croíbhriseadh - ISBN 0862781132, 1986.
- Aniar Aduaidh 2004, a chéad chnuasach filíochta[3]
Airítear macalla cian staire agus nua-staire sa chnuasach filíochta seo ó Shéamus Ó hUltacháin. Díríonn sé ar Bhréifne Thiar agus tá bá iontach aige le laochra Gaelacha na dúiche – Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, file, agus Seán Éamoinn Ruairí Mag Uidhir, seanchaí. Féachann sé le canúint atá caillte anois a aimsiú mar aon le meon agus tuiscint saoil ar leith. - An Ceathrú Póilí
Mar is dual don bhfile seo is aisfhreagra ar stair, tír-dhreach, seanchas is béaloideas Bhreifne cuid mhaith des na dánta anseo; agus mar spíosra bhreise dúinn ortha is minic friotal, foclaí agus frásaí ón chanúint a bhíodh sa treis san dúthaigh sin in úsáid aige. Anuas ar sin tá seodra snasta aige dúinn as a chaidreamh le bun-dúchasaigh, san Astráil ach go háirithe. - Coiscéim
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Death Notice of Jim Nolan (Blacklion, Cavan) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2023-12-25.
- ↑ oceanfm.ie (13 Deireadh Fómhair 2023). "The death has occurred of Jim Nolan (Séamus Ó hUltacháin)" (en). Dáta rochtana: 13 Deireadh Fómhair 2023.
- ↑ "Aniar Aduaidh" (ga-IE). An Ceathrú Póilí (2023-09-22). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-12-25. Dáta rochtana: 2023-12-25.
- ↑ "Imeallaigh" (ga-IE). An Ceathrú Póilí. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-12-25. Dáta rochtana: 2023-12-25.