Joe Kennedy III
Polaiteoir agus dlíodóir de chuid na Stát Aontaithe is ea Joseph Patrick Kennedy III (a rugadh ar an 4 Deireadh Fómhair 1980). Is duine de theaghlach iomráiteach Kennedy é agus garmhac le Bobby F Kennedy e. Ionadaí ba ea é de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh chuig Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe, ar son an Ochtú Ceantar Comhdhála i gCalifornia,
Toscaire speisialta Mheiriceá
cuir in eagarCheap an tUachtarán Biden Joe Kennedy ina thoscaire speisialta eacnamaíochta chun an Tuaiscirt in 2022 (cheap Donald Trump Mick Mulvaney sa phost sa bhliain deiridh dá uachtaránacht, 2020). Bhí súil in 2022 go n-éireodh leis an gCinnéideach infheisteoirí ó Mheiriceá a threorú go dtí Tuaisceart Éireann, go háirithe ó bheadh rochtain acu ar mhargadh an Aontais Eorpaigh agus ar mhargadh na Ríochta Aontaithe.[1]
D’fháiltigh Kennedy roimh athbhunú an Tionóil agus an Fheidhmeannais agus roimh Chreat Windsor, an socrú trádála iarBhreatimeachta. Ach bhí Stormont a bheith ar fionraí don chuid is mó dá théarma i mbun a chúraim. Nuair a rinneadh comóradh in 2023 ar 25 bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta, bhí Stormont druidte agus ba é an folús nó físeáin de bhallaí síochána a tharraing aird na meán ó Mheiriceá a tháinig go hÉirinn le haghaidh na hócáide; scéal diúltach a chuala agus a chonaic lucht rachmais sna Stáit Aontaithe.
Tháinig tréimhse Joe Kennedy III mar thoscaire speisialta Mheiriceá chun deiridh nuair a cuireadh clabhsúr ar Uachtaránacht Joe Biden.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Póilín Ní Chiaráin (18 Samhain 2024). "Íomhánna na dtrioblóidí a chíonn infheisteoirí Mheiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-05.