Robert F. Kennedy

Polaiteoir agus dlíodóir

Polaiteoir agus dlíodóir de chuid na Stát Aontaithe ba ea Robert Francis "Bobby" Kennedy, no RFK mar a tugadh air go minic, (Gaeilge: Roibeárd Proinsias Ó Cinnéide; 20 Samhain 19256 Meitheamh 1968). Ba dhuine de theaghlach iomráiteach Kennedy é. Bhí sé ina Ard-Aighne i rialtas a dhearthár John F. Kennedy, uachtarán na Stát Aontaithe idir 1961 agus 1963. Tar éis bhás an uachtaráin, toghadh Bobby ina sheanadóir ar an stát Nua-Eabhrac.

Infotaula de personaRobert F. Kennedy

(1964) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Robert Francis Kennedy
20 Samhain 1925
Brookline, Massachusetts, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Meitheamh 1968
42 bliana d'aois
Los Angeles, California Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnmharú (Tráma balaistíoch)
Áit adhlacthaReilig Náisiúnta Arlington, Section 45, grave S-45-A 38°52′52″N 77°04′17″W / 38.881174°N 77.071499°W / 38.881174; -77.071499 Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 1967 – 6 Meitheamh 1968 (bás in oifig)Charles Goodell →

Toghcheantar: New York Class 1 senate seat (en) Aistrigh

Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 1965 – 3 Eanáir 1967
← Kenneth Keating

Toghcheantar: New York Class 1 senate seat (en) Aistrigh

64 Ard-Aighne na Stát Aontaithe
20 Eanáir 1961 – 3 Meán Fómhair 1964
← William P. RogersNicholas Katzenbach →
Ceaptha ag: John F. Kennedy
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Harvard
V-12 Navy College Training Program (en) Aistrigh
Acadamh Milton
Portsmouth Abbey School (en) Aistrigh
Ollscoil Virginia - dlí (–1951)
Coláiste Bates
Ollscoil Harvard - Baitsiléir Ealaíon (–1948)
Scoil Dlí Ollscoil Virginia
Riverdale Country School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla Meiriceánach
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, dlíodóir, oifigeach míleata, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1944 –
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
GéillsineStáit Aontaithe Mheiriceá
Brainse míleataCabhlach na Stát Aontaithe
Céim mhíleataSeaman apprentice (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Spórtpeil Mheiriceánach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
Harvard Crimson football (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachKennedy family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileEthel Skakel Kennedy (1950–1968), bás Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteKathleen Kennedy Townsend, Kerry Kennedy, Christopher G. Kennedy, Max Kennedy, Douglas Harriman Kennedy, Michael LeMoyne Kennedy, David A. Kennedy, Courtney Kennedy Hill, Joseph P. Kennedy II, Robert F. Kennedy Jr., Rory Kennedy Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJoseph P. Kennedy  agus Rose Kennedy
SiblínJoseph P. Kennedy, John F. Kennedy, Rosemary Kennedy, Kathleen Cavendish, Eunice Kennedy Shriver, Patricia Kennedy Lawford, Jean Kennedy Smith agus Ted Kennedy
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0448305 Allocine: 220785 Allmovie: p392351
Musicbrainz: 1a14d4d3-f10d-48c2-b259-45de2ab26871 Discogs: 2132190 Find a Grave: 573 Cuir in eagar ar Wikidata

D'éag an an Cinnéideach ar an 6 Meitheamh 1968 de bharr na n-urchar marfach a scaoil fear as a mheabhair (nó scéimhlitheoir, d’fhéadfaí a rá), Sirhan Bishara Sirhan, an lá roimhe sin.

Deirtear go minic go raibh an an Cinnéideach i measc na nArd-Aighní is fearr i stair na Stát Aontaithe agus go raibh sé ar thús cadhnaíochta na hóráidíochta sa chéad seo caite i bpolaitíocht na tíre.[1]

1968

Saol cuir in eagar

Luathshaol cuir in eagar

Tháinig Kennedy chun saoil i Brookline, Massachusetts, duine de theaghlach polaitiúil mór le rá. Liostáil sé sa chabhlach le troid in aghaidh na bhfaisisteach i mí Dheireadh Fómhair 1943 agus ní raibh acht seacht mbliana déag d'aois aige. Printíseach i gCúltaca an Chabhlaigh a bhí ann ar dtús. Ó mhí an Mhárta 1944 go dtí Meitheamh 1945, oileadh mar oifigeach é in Ollscoil Harvard agus Coláiste Bates[2] i Maine (cuid den chlár "V-12").[3]

D'fhill sé ar chúrsaí scoláireachta (1946-48).chun céim a bhaint amach ó Ollscoil Harvard san eolaíocht pholaitiúil sa bhliain 1948. Ina dhiaidh sin, d'fhreastail sé ar an Scoil Dlí, Ollscoil Virginia, a bhronn céim air sa bhliain 1951. Glaodh chun bharra Massachusetts air sa bhliain chéanna.

Cleachtadh dlí agus polaitíocht cuir in eagar

 
Robert F. Kennedy i 1964.

Idir 1951 agus 1952, bhí post aige ar dtús sa rannóg slándála inmheánaí san Fho-Roinn Coiriúil de Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe. Ina dhiaidh sin, bhí post aige i gCeantar Oirthear Nua-Eabhrac áit ar ullmhaigh sé ionchúisimh as caimiléireacht.

Thóg sé briseadh chun feachtas seanadóra rathúil a stiúradh ar son a dhearthár. I 1952, bhuaigh John F. Kennedy an suíochán Seanaid i Massachusetts, i gcoinne an tSeanadóra Henry Cabot Lodge (Poblachtach).

Ansin bhí Ó Cinnéide ina abhcóide cúnta de chuid an Bhuan-Fhochoiste um Fhiosrúcháin de Sheanad na Stát Aontaithe, a raibh an Seanadir "Joe" Mac Carthaigh ina chathaoirleach air. Bhí sé sa phost sin ó mhí na Nollag 1952 go dtí mí Iúil 1953. Ccé nár aontaigh sé lena chuid modhanna, réitigh sé go maith leis an gCarthach ar leibhéal pearsanta i gcónaí.

Rinneadh príomhabhcóide ar son na nDaonlathaithe sa Seanad de i mí Feabhra 1954.Ba dhuine teasaí taghdach é Robert.[4] Dúirt sé go mbíodh sé deacair smacht a choimeád ar a fhaghairt.[5][6]

Bhí sé ag obair d'fheachtas uachtaránachta Adlai Stevenson sa bhliain 1956. Is mór a tarraingíodh aird an phobail air mar gheall ar an ról iomráiteach a bhí aige mar phríomh-abhcóide don Roghchoiste um Ghníomhartha Míchuí, de chuid an Luchta Oibre agus de chuid an Luchta Bhainistíochta (Coiste Mhic Giolla Fhaoláin)[7], post a bhí aige ó 1957 go 1959, tráth a raibh achrainn theilifíse idir an Cinnéideach agus Jimmy Hoffa agus ceannairí ceardchumainn eile.

Rinne an an Cinnéideach bainistíocht ar fheachtas uachtaránachta a dhearthár, John F. Kennedy, sa bhliain 1960. Ceapadh ina Ard-Aighne na Stát Aontaithe é i Rialtas Uí Chinnéide, post a bhí aige idir 1961 agus 1964. Sular ceapadh é níor láithrigh sé i gcúirt ar bith riamh mar dhlíodóir a bhí ag cleachtadh. Ós rud é go raibh an oiread muiníne ag an Uachtarán ina dheartháir, bhí ról i bhfad ní ba thábhachtaí aige sa rialtas ná a bheadh ag Ard-Aighne de ghnáth, ag glacadh ról suntasach ag plé leis na Sóivéadaigh, go mór mór i dtrátha am Ghéarchéim Chúba sa bhliain 1962.

Mar Ard-Aighne lean sé ar aghaidh lena fheachtas in aghaidh ceannairí ceardchumainn éillitheacha agus chuir sé béim nach bhfacthas roimhe sin ar chearta sibhialta a chur i bhfeidhm, ag chomhoibriú go dlúth leis an Dochtúir Martin Luther King Óg agus le ceannairí cearta sibhialta eile.

 
bileoigín, 1968

Ina aonar cuir in eagar

 
Kennedy ag caint le slua cearta sibhialta lasmuigh an Ionad Roinn Dlí ar 14 Meitheamh, 1963.

Tar éis dá dheartháir a bheith feallmharaithe i mí na Samhna 1963, lean an Cinnéideach ar aghaidh mar Ard-Aighne go dtí mí Mheán Fómhair 1964, d'ainneoin go raibh droch-chaidreamh a bhí aige, mar b'eol do chách, le Lyndon B. Johnson, a tháinig i gcomharbacht ar a dheartháir mar uachtarán.

 
11 Márta 1963 agus clann RFK

D'éirigh sé as an bpost sin chun seasamh go rathúil i dtoghchán Seanadóra i Nua-Eabhrac. Agus é ina Sheanadóir de chuid na Stát Aontaithe (1965-68) chloígh sé leis an tiomantas a bhí aige do chearta sibhialta agus, chomh maith leis sin, bhí ar thóir gunnaí a rialú, cearta ní b'fhearr a fháil d'oibrithe feirme agus athnuachan uirbeach a chur chun cinn.

Ba é saintréith a fheachtais uachtaránachta sa bhliain 1968 gur mhéadaigh an bearna idir an Seanadóir Roibeárd Ó Cinnéide agus an tUachtarán Johnson maidir le Cogadh Vítneam. Bhí sé díreach tar éis toghchán tosaigh California a bhuachan agus áit mar an iomaitheoir ba ghaire don Leas-Uachtarán Hubert Humphrey a bhaint amach (an rogha ab fhearr leis an Uachtarán Johnson) nuair a scaoileadh go marfach air.

Feallmharú cuir in eagar

Bhí a fheachtas uachtaránachta faoi lán seoil nuair a bhuaigh Kennedy toghchán tosaigh cinniúnach i gCalifornia ar an 4 Meitheamh 1968. Thug sé óráid ghaisce ina bhunáit feachtasaíochta san Óstán Ambassador in Los Angeles go moch ar an maidin dár gcionn. Bhí an seanadóir ar tí bálseomra an óstáin a fhágáil chun dul i dtreo seomra na meáin nuair a d'fheallmharaigh an Palaistíneach, Sirhan B. Sirhan, é. Ní raibh sé ach 42 bliain d'aois. Gortaíodh cúigear eile.

Bhí Sirhan ar an ól agus fearg air, a dúirt sé, faoi  “Cogadh na Sé Lá”; bhí an lá cuimhneacháin ar 5 Meitheamh agus bhí Giúdaigh ag cóisireacht.[8]

Clann cuir in eagar

Ba lánúin síolraitheach iad Robert agus a bhean chéile Ethel. Mar sin, bhí clann mhór acu; rugadh a n-aonú leanbh déag tar éis a fheallmharú i Los Angeles.

Tagairtí cuir in eagar

  1. UCD School of Law. "Roibeárd Proinsias Ó Cinnéide" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-06.
  2. "Bates College" (as en) (2020-05-30). Wikipedia. 
  3. "V-12 Navy College Training Program" (as en) (2020-05-31). Wikipedia. 
  4. Michael O’Donnell (2017-06-09). "How the Thug Became a Dove" (en-US). Wall Street Journal. Dáta rochtana: 2020-06-06. RFK was "a fixer and leg-breaker as JFK’s campaign manager; an unforgiving and merciless cutthroat—his father’s son right down to Joseph Kennedy’s purported observation that “he hates like me.” Yet Bobby somehow became a liberal icon...
  5. Schlesinger, Arthur M. Jr. (1978). "Robert Kennedy and His Times", pg 150.
  6. Philip A. Goduti Jr (2012-11-06). "Robert F. Kennedy and the Shaping of Civil Rights, 1960-1964 "My biggest problem as counsel is to keep my temper." a dúirt sé." (as en). McFarland. 
  7. McClellan Committee (2020-05-10). "United States Senate Select Committee on Improper Activities in Labor and Management" (as en). Wikipedia. 
  8. "Sirhan Sirhan" (as en) (2019-06-05). Wikipedia.