Joel Engel
cumadóir
Cumadóir, anailísí ceoil, tráchtaire agus múinteoir ó Iosrael, ba ea Joel Engel (rugadh Yuliy Dmitrovich Engel , Úcráinis: Энгель Юлий Дмитрович, Rúisis: Енгель Юлий Дмитриевич : Eabhrais: יואל אנגל). Rugadh é i mBerdiansk an 28 Aibreán 1868 agus fuair sé bás i dTel Aviv ar 11 Feabhra 1927.[1] Ar dtús, rinne Engel staidéar ar an dlí ag Ollscoil Kharkiv agus teoiric an cheoil le Andrejs Jurjāns ag an scoil theicniúil ann. Sa bhliain 1893 mhol Tchaikovsky dó dul go dtí an scoil cheoil i Moscó, áit ar chríochnaigh sé a chuid staidéir cheoil: cuireadh oiliúint air sa chumadóireacht faoi Mikhail Ippolitov - Ivanov agus san cuntraphointe faoi Sergei Taneyev, agus bhain sé céim amach sa bhliain 1897
Ainm sa teanga dhúchais | (ru) Юлий Дмитриевич Энгель |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 16 Aibreán 1868 (Iúlach) Berdiansk |
Bás | 11 Feabhra 1927 58 bliana d'aois Tel Aviv |
Áit adhlactha | Reilig Trumpeldor |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Na Giúdaigh |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ardscoil Cheoil Mhoscó Ollscoil Kharkiv |
Gníomhaíocht | |
Gairm | cumadóir, ceoleolaí, eitnicheoleolaí, múinteoir, criticeoir ceoil, iriseoir |
Tréimhse oibre | 1900 – |
Fostóir | Ollscoil Kharkiv |
Teangacha | An Rúisis agus an Ghiúdais |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Lucy S. Dawidowicz Nurse, ([[1996]), The Golden Tradition: Jewish Life and Thought in Eastern Europe, Syracuse University Press, ISBN 978-0-8156-0423-5.