John Doherty
Ba fhidléir Éireannach é John Doherty (1900 – 26 Eanáir, 1980).[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1895 Ard an Rátha, Éire |
Bás | 26 Eanáir 1980 84/85 bliana d'aois Béal Átha Seanaidh, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | fidléir |
Seánra | Ceol na hÉireann |
Uirlis | Fidil |
Rugadh John Doherty in Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall. Rugadh é sa bhliain 1900, agus ba de chlann cháiliúil de chuid an lucht siúil é, daoine a d'oibrigh mar ghaibhne stáin agus mar thrádálaithe capall. Thángthas ar a theastas breithe le blianta beaga anuas, agus tuigtear uaidh sin gur sa bhliain 1900 a rugadh é, in áit 1895, rud a ndearnadh taifead go hearráideach de i roinnt foilseacháin éagsúla. Fidléir a bhí in athair s'aige, Mickey Mór, fosta, agus bhí cúpla duine eile dá chuid deartháireacha agus dá chuid deirfiúracha a bhí ábalta ar an fhidil a bhualadh. Phós Mickey Mór Mary McConnell, amhránaí (a raibh cáil ar a deartháireacha Alec agus Mickey mar cheoltóirí i nDeisceart Dhún na nGall). Bhí naonúr páistí acu, agus ba é John an duine ab óige sa chlann. In agallamh a rinne sé sna 1970idí dúirt sé go raibh air a bheith ag cleachtadh i scioból nuair a bhí sé ina dhéagóir, nó ní raibh cead aige an fhidil a bhualadh i gcomhluadar a thuismitheoirí go dtí go raibh máistreacht aige ar "Bonny Kate". Chuala sé taifeadtaí de James Scott Skinner agus rinne sé aithris ar an stíl a bhí aige. Bhí sé de nós ag a dheartháir, Mickey, an fhidil a bhualadh i stíl a bhí cosúil leis an stíl a bhí ag Michael Coleman. Rinneadh taifeadtaí de Mickey fosta, agus tá sé le cluinstin ar an albam "The Gravel Walks".
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “DOHERTY, John (c.1895–1980) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- Leabhar: "Between the Jigs and the Reels" le Caoimhín Mac Aoidh (1994)
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Comhaltas Curtha i gcartlann 2007-11-19 ar an Wayback Machine