John Newlands (ceimiceoir)

Ceimiceoir Sasanach ab ea John Alexander Reina Newlands (26 Samhain 1837 - 29 Iúil 1898) a d’oibrigh maidir le tréimhsiúlacht na ndúl.

Infotaula de personaJohn Newlands

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Samhain 1837
Lambeth, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Deireadh Fómhair 1898
60 bliana d'aois
Clapton Íochtair, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaWest Norwood Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeimic anailíseach agus ceimic
Gairmceimiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

Beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh Newlands i Londain Shasana, ag West Square i Lambeth, mac le ministir Preispitéireach Albanach agus a bhean Iodálach. [1]

Sa bhaile a cuireadh oideachas air ag a athair, agus ina dhiaidh sin rinne sé staidéar i gColáiste Ríoga na Ceimice. Bhí suim aige in athchóiriú sóisialta agus i rith 1860 d’fhóin sé mar oibrí deonach le Giuseppe Garibaldi ina fheachtas míleata chun na hIodáile a aontú. Ag filleadh ar Londain, bhunaigh Newlands é féin mar cheimiceoir anailíseach i 1864. Sa bhliain 1868 rinneadh príomhcheimiceoir de i scaglann siúcra James Duncan i Londain, áit ar thug sé isteach roinnt feabhsuithe ar phróiseáil. Níos déanaí scoir sé den scaglann agus arís bhí sé ina anailísí lena dheartháir, Benjamin.

 
Áit bhreithe Newlands sa Chearnóg Thiar, Lambeth.

Ba é Newlands an chéad duine a cheap tábla peiriadach dd dhúileceimiceacha a eagraíodh de réir a mhaiseanna adamhacha coibhneasta.[2] Ag leanúint ar aghaidh le hobair Johann Wolfgang Döbereiner le triaid agus le hobair Jean-Baptiste Dumas le dúile a raibh comhchosúla acu, d’fhoilsigh sé in 1865 "Dlí na nOchtáibhí" (Béarla: ‘Law of Octaves’), a luaigh ‘go dtaispeánfaidh aon dúil ar leith iompar cosúil leis an ochtú dúil a leanann í sa tábla‘. D'eagraigh Newlands na dúile go léir a bhí ar eolas, ag tosú le hidrigin agus ag críochnú le tóiriam (meáchan adamhach 232), in ocht ngrúpa de sheacht, a chuir sé i gcomparáid le hochtacha ceoil.[3][4] I dtábla Newlands, ordaíodh na dúile de réir na meáchain adamhacha a bhí ar eolas ag an am agus a bhí uimhrithe go seicheamhach chun a n-ord a thaispeáint. Taispeánadh grúpaí ag dul trasna an tábla, agus Peiriaid ag dul síos - a mhalairt ó fhoirm nua-aimseartha an tábla pheiriadaigh.

 
Tábla na ndúlde réir Newlands.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 'Newlands, John Alexander Reina (1837–1898)' by Michael A. Sutton, Dictionary of National Biography, Oxford University Press, 2004. Accessed 5 February 2011.
  2. Like many of his contemporaries, Newlands first used the terms equivalent weight and atomic weight without any distinction of meaning and in his first paper during 1863. He used the values accepted by his predecessors. It is now referred to as standard atomic weight.
  3. Newlands, John A. R. (1864-08-20). "On Relations Among the Equivalents". Chemical News 10: 94–95. 
  4. Newlands, John A. R. (1865-08-18). "On the Law of Octaves". Chemical News 12.