John Selden

dlí-eolaí Sasanach (1584–1654)

Ileolaí, fear léinn agus dlí-eolaí de chuid Shasana ab ea John Selden ( 16 Nollaig 158430 Samhain 1654).

Infotaula de personaJohn Selden

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Nollaig 1584
Sussex, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Samhain 1654
69 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana
Feisire de Pharlaimint 1640-42

Toghcheantar: Ollscoil Oxford
Feisire de Pharlaimint 1642-48
Feisire de Pharlaimint 1628-29

Toghcheantar: Ludgershall
Ball de Pharlaimint 1626

Toghcheantar: Great Bedwyn, Ilchester
Feisire de Pharlaimint 1648-53
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síThe Prebendal School (en) Aistrigh
Hart Hall (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, scríbhneoir, saineolaí dlí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

Find a Grave: 12251 Cuir in eagar ar Wikidata
17ú haois

Saol cuir in eagar

Rugadh Selden i Salvington, Sussex. Tar éis dó Ollscoil Áth na nDamh a fhágáil gan chéim, glaodh chun an Bharra as Cumann Onórach An Teampaill Laistigh air, sa bhliain 1612. Cé nach dtagadh sé i láthair na cúirte ach go hannamh, d'fhorbair Selden cleachtadh dlí mar thíolacóir agus comhairleoir dlí, agus d'éirigh go maith leis.[1]

 
Selden le Peter Lely

Is fearr aithne ar Selden mar pholaiteoir agus scoláire dlí. Cuireadh i bpríosún é mar dhuine a bhí taobh thiar d'Agóideacht 1621 (díreach mar a bhí sé maidir leis an Achainí um Chearta ina dhiaidh sin).

Bhí Selden ina Fheisire roinnt uaire sna blianta dár gcionn (1624-25, 1626, 1628-40 mar bhall den Pharlaimint Fhada a toghadh sa bhliain 1640).

Cé gur éirigh cúrsaí ní b'fhearr idir Selden agus Séarlas I i lár na 1630í, thaobhaigh sé leis an bParlaimint i rith an Chogaidh Chathartha, toisc gur cheap sé go raibh siad ní ba dhílse do bhunreacht ársa na tíre.[1]

Fear léinn cuir in eagar

Mar fhear léinn, is fearr aithne ar Selden mar gheall ar an méid a rinne sé maidir le staidéar stair Shasana (go háirithe stair an bhunreachta,) dlí agus creideamh na nGiúdach agus an dlí idirnáisiúnta (thug a leabhar 'Mare Clausam' freagra ar an leabhar 'Mare Liberum' le Hugo Grotius).[1]

The Selden Society cuir in eagar

D'ainmníodh The Selden Society as, ag am a bhunaithe sa bhliain 1887; is cumann léinn agus foilsitheoir é, a dhíríonn ar stair dlí Shasana.

D'fhoilsigh The Selden Society imleabhar amháin a bhaineann le dlí na hÉireann. Chuir an Dochtúir Andrew Lyall in eagar é (Irish Exchequer Reports 1716 - 1734, Selden Society vol. 125, 2008).[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "John Selden". Dáta rochtana: 2021.