John Spillane

ceoltóir Éireannach

Amhránaí agus scríbhneoir amhrán é John Spillane as Corcaigh, Éire.

Infotaula de personaJohn Spillane

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1961
62/63 bliana d'aois
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh
Coláiste an Spioraid Naoimh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, cumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol traidisiúnta
TeangachaAn Ghaeilge
UirlisCeol gutha

Musicbrainz: dc6f5c4a-8cc0-46c0-89ea-2f1ba1754df3 Songkick: 324728 Discogs: 713197 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Rugadh Spillane i gCorcaigh sa bhliain 1961, áit a raibh a chlann ina gcónaí. D'fhreastail sé ar scoil i gColáiste an Spioraid Naoimh, Baile an Easpaig, Corcaigh.

Spillane agus an Ghaelainn cuir in eagar

Bhain Spillane céim amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá go leor amhrán scríofa aige i nGaeilge, mar shampla Seachtain, Éist do Bhéil is Ag an gCóisir. Tá cúpla albam eisithe aige beagnach go hiomlán trí Ghaeilge: The Gaelic Hits Factory (comhoibriú leis an bhfile Louis de Paor) agus Irish Songs We Learned At School, eagrán 1 agus 2.

Chuireadh Spillane clár raidió i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Domhnach darbh ainm Rogha John Spillane[1] idir 2004 agus 2005. "Seal leis an Spealaire; Seal fánach leis an Spealánach; Seal eile le ceol na Speile"- is mar seo mar a chuireadh sé tús leis an gclár.

Tá roinnt taithí teilifíse ag Spillane trí Ghaeilge freisin. Ghlac sé páirt i gclár de chuid na sraithe "Ceolchúirt" ar TG4 in 2007. Sa chlár seo, thug sé cuairt ar an tSeineagáil, chun bualadh le Baaba Maal, amhránaí is giotáraí na tíre sin.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "John Spillane at Barrys" (en). independent. Dáta rochtana: 2023-02-28.

Naisc sheachtracha cuir in eagar