Jordie Albiston

file Astrálach

File agus acadóir ón Astráil ab ea Jordie Albiston (30 Meán Fómhair 19611 Márta 2022).[1]

Infotaula de personaJordie Albiston

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith30 Meán Fómhair 1961
Melbourne, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Márta 2022
60 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil La Trobe
Faculty of Fine Arts and Music, University of Melbourne (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla


Find a Grave: 237346459 Cuir in eagar ar Wikidata
Jordie Albiston c.1970

Tógadh Albiston in Melbourne agus rinne sí staidéar ar an gceol i gColáiste Ealaíon Victoria. Rinne sí dochtúireacht ina dhiaidh sin.

Tá a lán cnuasach foilsithe aici agus bhain a lán acu duaiseanna nó moladh do dhuaiseanna iad. Rinneadh taibhealaín de shaothar amháin agus baineadh feidhm as saothar eile mar théacs ceoldráma a léiríodh in Áras Ceoldrámaíochta Sydney. Bhain sí tairbhe as bunsmaointe matamaitice agus eolaíochta mar ábhar filíochta agus bhain saothair áirithe léi tairbhe as cáipéisí stairiúla.

Tá dánta léi le fáil i nduanairí agus aistríodh cuid acu go teangacha eile.

  • Nervous Arcs (Spinifex, 1995)
  • Botany Bay Document: a poetic history of the women of Botany Bay (Black Pepper Publishing, 1996; athchlóite in 2003, 2013) [2]
  • The Hanging of Jean Lee (Black Pepper Publishing, 1998; athchlóite in 2004, 2013)
  • My Secret Life (Wagtail #15: Picaro Press, 2002)
  • The Fall (White Crane Press, 2003)[3]
  • Vertigo: a cantata (John Leonard Press, 2007)[4]
  • the sonnet according to 'm' (John Leonard Press, 2009)
  • kindness (Red Rag Press, 2013)
  • the Book of Ethel (Puncher & Wattmann, 2013)
  • XIII Poems (Rabbit Poets Series #1: Rabbit Poetry Press, 2013)
  • Jack & Mollie (& Her) (UQP, 2016)
  • Euclid's dog: 100 algorithmic poems (GloriaSMH, 2017)
  • Warlines (Hybrid Press, 2018)
  • The Cyprus Poems (Picaro Press, 2018)
  • element: the atomic weight & radius of love (Puncher & Wattmann, 2019)

Filíocht do pháistí

cuir in eagar
  • Sukie's Suitcase: three picture-poems (Little Barrow Press, 2018)
  • Barkwoofggrrr! (maisithe ag Lucy Pulvers: Little Barrow Press, 2019)