Joseph Cooper Walker

ársaitheoir (1761-1810)

B'ársaitheoir agus scríbhneoir Éireannach é Joseph Cooper Walker (c.1762-1810 )

Infotaula de personaJoseph Cooper Walker
Beathaisnéis
Breith1761
Baile Átha Cliath, is dócha Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Aibreán 1810
48/49 bliana d'aois
Bré Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaBaile Átha Cliath (1810–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmársaitheoir Cuir in eagar ar Wikidata


mBaile Átha Cliath a rugadh Joseph Cooper Walker.  Ba dhuine é den triúr mac a bhí ag Cooper Walker, caibinéadaire saibhir. Iníon ba ea a mháthair le William Gordon, déantóir cóistí. Bhí deirfiúr amháin aige, Jane. Bhí gaol aige le Austin Cooper, ársaitheoir agus dialannaí.

Saol cuir in eagar

Fuair sé scolaíocht ón Dr Ball, máistir scoile cáiliúil, agus i scoil phríobháideach sa Charraig Dhubh. Is de bhrí go raibh asma air a chaith sé cuid dá shaol san Iodáil.  Bhí dúil aige i litríocht na hIodáilise dá bharr agus tuairimíonn Robert Welch (A History of Verse Translation from the Irish 1789-1897, 1988) gur de bhrí go raibh leagan Iodáilise de shaothar Macpherson léite aige a bhí meas áirithe aige ar an Albanach. Bhí Laidin agus Gréigis aige chomh maith le Fraincis agus Iodáilis agus eolas leathan ar an litríocht i gcoitinne. Bhailigh sé leabhair agus pictiúir san Iodáil agus thug leis go hÉirinn iad. Fuair sé post mar chléireach den tríú grád i gCiste an Stáit i mBaile Átha Cliath, mar a raibh Austin Cooper agus William Burton Conyngham (1733–1796), an chéad chisteoir ag Acadamh Ríoga na hÉireann, ag obair. I mBré, Contae Chill Mhantáin, bhí teach darb ainm ‘St Valerie’ aige agus thagadh a chairde ar cuairt chuige ann, Silbhester Ó hAllmhuráin, Cathal Ó Conchubhair, agus Charles Vallancey ina measc. Ba í a dheirfiúr, Jane, a bhí i mbun an tí aige in St Valerie. Bhí sé ina bhall de chéad chomhairle thofa an Acadaimh Ríoga agus i 1786, in ainneoin gan ach beagán eolais aige ar an nGaeilge, d’fhoilsigh sé 'Historical Memoirs of the Irish Bards', cuntas ar fhilíocht agus cheol na nGael ó thosach go dtí an 18ú haois. Tá leagan neamhiomlán de ‘Laoi na Seilge’ ann agus deir R. A. Breatnach in Studia Hibernica 5, 1965 gurbh é sin an chéad laoi fiannaíochta fírinneach a cuireadh i gcló. Tá roinnt d’fhilíocht Uí Chearbhalláin ann maille le haistriúcháin ó lámh [[Charlotte Brooke]. Thug an scoláire Theophilus O’Flanagan cabhair dó. Deir Breatnach: ‘If Joseph Walker had done no more for Irish learning than thus indicate to his contemporaries that the living Irish language and its poetry were worthy of the attention of educated people, whatever the immaturity of his work as a whole, he would deserve to be remembered as a pioneer of Irish scholarship . . .. The author of Historical Memoirs of the Irish Bards deserves to be remembered for his enthusiastic advocacy of Irish learning when perhaps such advocacy was of greater importance than scholarly competence.’ Ní mór an chreidiúint a thabhairt dó freisin gurbh é is mó a mhisnigh Charlotte Brooke chun a duanaire a dhéanamh. Tá cuntas ag Robert Welch ar an gcaidreamh a bhí aige féin, ag a dheartháir Samuel agus ag a dheirfiúr le Charlotte. Scríobh Walker freisin 'Historical Essay on the Dress of the Ancient and Modern Irish, to which is subjoined a Memoir on the Armour and Weapons of the Irish', 1788, 'Historical Memoir on Italian Tragedy', 1799 agus 'Historical and Critical Essay on the Revival of the Drama in Italy', 1805. Tá cuntas ar an bhfichille in Éirinn aige in 'Collectanea de Rebus Hibernicis' le Charles Vallancey. Níor foilsíodh a ‘Lives of the Painters, Sculptors, and Engravers of Ireland’ ná cuid eile dá shaothar. D’éag sé ar 12 Aibreán 1810. Cuireadh é i reilig Eaglais Naomh Máire, Sráid Jervis, Baile Átha Cliath. In Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, 1996–97 foilsíodh ina dhá chuid ‘Joseph Cooper Walker, 1761–1810’, le Monica Nevin, an aiste is cuimsithí ina thaobh go nuige seo. Tá aiste le [Lesa Ní Mhunghaile]] ‘Joseph Cooper Walker, James McPherson agus Melchiorre Cesarotti’ i gcló in Eighteenth-Century Ireland: Iris an dá chultúr, 2002. In Taighde agus Teagasc 3, 2003 tá ‘Joseph Cooper Walker (1761-1810): Cúrsaí Féiniúlachta agus an Deighilt Sheicteach’ le Lesa Ní Mhunghaile



Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar