Jules Verne

scríbhneoir francach

Scríbhneoir úrscéalta éadroma eachtránaíochta ón bhFrainc a bhí i Jules Gabriel Verne (a tháinig chun saoil i Naoned ar an 8 Feabhra 1828, agus a fuair bás in Amiens ar an 24 Márta 1905). Bhí Verne ina cheannródaí don fhicsean eolaíochta.

Jules Verne
Jules Verne.gif
Jules Verne timpeall 1856
Dáta breithe 8 Feabhra 1828
  Naoned, an Fhrainc
Dáta báis 24 Márta 1905
  Amiens, an Fhrainc
Náisiúntacht Francach
Gairm Úrscéalaí
Seánra Ficsean eolaíochta
Síniú
Jules Verne autograph.jpg

Tá Verne ar dhuine de na scríbhneoirí is mó a aistrítear go teangacha eile, agus chuaigh a chuid eachtraí sciobtha dúisitheacha i bhfeidhm ar an dúrud glún de léitheoirí óga. Is iad na húrscéalta úd

  • Voyage au centre de la Terre ("An Turas go Lárphointe an Domhain"),
  • De la Terre à la Lune ("Ón Domhan go dtí an Ghealach"),
  • Vingt Mille Lieues sous les Mers ("Fiche Míle Léig faoi na Farraigí"),
  • "Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá" (bunsaothar: Le Tour du Monde en Quatre-Vingts Jours; Torna a d'aistrigh go Gaeilge) agus
  • L'Île Mysterieuse ("An tOileán Rúndiamhair"),

ach go háirithe, a thabhaigh a chlú dó, ach bhí sé bisiúil thar na bearta, agus bhreac sé síos a lán eile freisin.

Bhí Verne in ann aireagáin na fichiú haoise agus an tionchar a bheadh acu ar an saol a shamhlú roimh ré.

Is iomaí tairngreacht dá chuid a tháinig isteach fíor i ndiaidh a bháis. Bhí sé ábalta cur síos a thabhairt ar fhomhuireán, ar spástaisteal, ar an Idirlíon agus ar na ríomhairí féin i bhfad sular tháinig a leithéidí ar an bhfód. Mar sin, fáidh a bhí ann, ar bhealach, nó sin mar a fheictear dá lán léitheoirí é inniu.

jardin des plantes. Nantes

LeabhairCuir in Eagar