James Fenimore Cooper

údar Meiriceánach

Scríbhneoir Meiriceánach a rugadh i mBurlington, New Jersey, ab ea James Fenimore Cooper (15 Meán Fómhair 178914 Meán Fómhair 1851). D'fhás Cooper aníos in Cooperstown, Nua-Eabhrac, baile beag a chuir a sheanathair ar bun. Úrscéalta stairiúla a scríobh sé, go mór mór leabhair faoin teorainn agus an gcoimhlint idir na hEorpaigh agus na Bundúchasaigh. Bhain sé clú amach dó féin leis an sraith leabhar úd Leatherstocking Tales: orthu seo ba é The Last of the Mohicans (1826) ba mhó a fuair fáilte ón bpobal.

James Fenimore Cooper
James Fenimore Cooper by Jarvis.jpg
Saol
Eolas breitheBurlington, 15 Meán Fómhair 1789, 1789
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchaisan Béarla
BásCooperstown (en) Aistrigh, 14 Meán Fómhair 1851, 1851
Áit adhlacthaChrist Churchyard (en) Aistrigh
Cúis bháis (ciorróis)
Muintir
AthairWilliam Cooper
Céile/CéilíSusan Augusta Delancey (en) Aistrigh
Páistí
Oideachas
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmscríbhneoir, oifigeach míleata, úrscéalaí, scríbhneoir litríocht pháistí agus beathaisnéisí
Saothar iomráiteachThe Last of the Mohicans
Gluaiseacht ealaíneúrscéal eachtraíochta
neamhfhicsean
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataCabhlach na Stát Aontaithe
IMDbnm0178126
Discogs ID463457
Appletons' Cooper James Fenimore signature.jpg
Chaith Cooper agus a theaghlach na blianta 1826–1833 san Eoraip. Scríobh sé roinnt mhaith ábhar faoin bpolaitíocht ansin, agus é ag cosaint Mheiriceá—agus an phoblachtanachais go ginearálta—agus ag ionsaí an bhealach a bhaineadh uasaicmí na hEorpa a gcumhacht.