Karl Lueger

polaiteoir Ostarach (1844-1910)

Polaiteoir agus pobalóir de chuid na hOstaire ab ea Karl Lueger (24 Deireadh Fómhair 184410 Márta 1910). Bhain Lueger cáil amach mar „Anwalt der kleinen Leute“ ("abhcóide na cosmhuintire") rud ba bhunús leis an rath a bhí air sa pholaitíocht.[1]

Infotaula de personaKarl Lueger

(1876) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Deireadh Fómhair 1844
Príomhfhoirgneamh Ollscoil Theicniúil Vín Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Márta 1910
65 bliana d'aois
Vín Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDiaibéiteas chineál 2
Áit adhlacthaSaint Charles Borromeo Church (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Méara Vín
1897 – 1910
← Josef Strobach
Ball de Landtag na hOstaire Íochtaraí
1890 –
Ball den Abgeordnetenhaus
1885 – Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Vín
Theresianum Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúir an dá dhlí
Gníomhaíocht
Gairmdlíodóir (1874–), polaiteoir, social politician (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaChristian Social Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtFrith-Sheimíteachas
TeangachaAn Ghearmáinis
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 18814 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

 
1900

Ba chéimí de chuid Ollscoil Vín é, áit a bhfuair sé dochtúireacht sa dlí sa bhliain 1870.

Volkspartei cuir in eagar

Bhunaigh sé an Páirtí Sóisialach Críostaí idir 1891 is 1893.

Tá fréamhacha an Österreichische Volkspartei (Páirt Pobail na hOstaire, a bhí chun tosaigh i rialtas na tíre sna 2010idí) sa pháirtí a bhunaigh Lueger.

Méara ar Vín cuir in eagar

Bhí Lueger ina Mhéara ar Vín ó 1897 go dtí gur éag sé sa bhliain 1910.

Ar feadh blianta fada, b'fhearr le muintir na hOstaire (agus le muintir Vín go háirithe) cuimhneamh ar Lueger mar an gcéad pholaiteoir Ostarach a bhí ina phobalóir agus a raibh meas ag an ngnáthphobal air, chomh maith leis an duine a thóg de chuid mhór den chathair atá anois ann.

 
Karl-Lueger-Platz inniu

Biogóideacht cuir in eagar

Ní mór aghaidh a thabhairt ar an dtaobh eile dá chuid polaitíochta: a ráitis gan staonadh ag maslú na nGiúdach agus a chuid ionsaitheachta páirtíní. Cé nár fhulaing na Giúdaigh mórán le linn do Lueger a bheith i réim agus cé go raibh cairde Giúdacha aige, thug sé inspioráid d'Adolf Hitler, rud a chaitheann scáil dhosheachanta ar a oidhreacht.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Karl Lueger" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-03-10.