Katharine Hepburn
Ban-aisteoir Meiriceánach ab ea Katharine Houghton Hepburn (12 Bealtaine, 1907 - 29 Meitheamh, 2003). Bhí níos mó gradam Oscar bainte amach ag Hepburn ná aon aisteoir eile. Bhí seasca bliain caite aici ar an scáileán mór agus clú agus cáil uirthi dá bharr a pearsantacht láidir.
Saol
cuir in eagarMar pháiste bhí sí ina cónaí i Connecticut, agus thosaigh sí ag aisteoireacht nuair a bhí sí ag freastal ar an ollscoil.
Tar éis tréimhse a chaitheamh ar an stáitse, d'éirigh léi Gradaim an Acadaimh a bhaint amach dá ról ina tríú phictúir "Morning Glory" sa bhliain 1933. Ach faraor, tar éis é seo, níor éirigh rómhaith lena scannáin ar feadh tamaill. Ach bean cliste a bhí inti, agus nuair a cheannaigh sí The Philadelphia Story díol siad é ar an gcoinníoll go raibh sí chun a bheith mar an bpríomhaisteoir sa scannán. D'éirigh thar barr leis an scannán, agus rinneadh ceolchoirm as (an scannán High Society).
Bhuaigh sí trí Oscar eile le haghaidh Guess Who's Coming to Dinner (1967), The Lion in Winter (1968) agus On Golden Pond (1981).
Thosaigh sí ag déanamh scannáin teilifíse sna 70dí, agus lean sí a dhéanamh iad go dtí a blianta deireanacha. Rinne sí a scannán deireanach sa bhliain 1994.
Bás
cuir in eagarTar éis tréimhse gan obair agus lena sláinte ag ísliú, fuair Hepburn bás i 2003 in aois 96 di. Bhuaigh Cate Blanchett Gradaim an Acadaimh dá bharr a ról mar Katharine Hepburn sa scannán The Aviator, faoi saol Howard Hughes (Leonardo DiCaprio).
Scannánliosta
cuir in eagarNaisc
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol faoin aisteoir / banaisteoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |