Katrina vanden Heuvel
Is eagarthóir agus foilsitheoir Meiriceánach í Katrina vanden Heuvel, a rugadh 7 Deireadh Fómhair 1959. Tá sí ina foilsitheoir, ina páirtúinéir agus ina hiareagarthóir ar an iris fhorásach The Nation. Bhí sí ina heagarthóir ar an iris ó 1995 go 2019, nuair a tháinig DD Guttenplan i gcomharbacht uirthi. Is minic a bhíonn sí ina tráchtaire ar chláir teilifíse polaitiúla. Tá Vanden Heuvel ina ball den Chomhairle um Chaidreamh Eachtrach (Béarla:Council on Foreign Relations), meitheal smaointe neamhbhrabúis sna Stáit Aontaithe.Tá Duais Norman Mailer faighte aici.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Deireadh Fómhair 1959 65 bliana d'aois Nua-Eabhrac, New York |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Princeton Trinity School (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, eagarthóir |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Stephen F. Cohen (1988–) |
Athair | William vanden Heuvel agus Jean Stein |
Siblín | Wendy vanden Heuvel |
|
Luathshaol agus oideachas
cuir in eagarRugadh Katrina vanden Heuvel i gCathair Nua-Eabhrac, iníon Jean Stein, ban-oidhre, údar sárdhíola, agus eagarthóir na hirise liteartha Grand Street; Ba é William vanden Heuvel a hathair, aturnae, iar-ambasadóir SAM, ball de riarachán John F. Kennedy, fear gnó agus údar.[1] Tá deirfiúr amháin agus beirt leasdeirfiúr aici. Ba iad a seantuismitheoirí ar thaobh a máthar bunaitheoir Music Corporation of America Jules C. Stein agus Doris Babbette Jones (Jonas ar dtús). Trína seanmháthair Doris Babbette Jones, tá gaol mar col ochtair i bhfad amach aici leis an aisteoir agus fear grinn George Jessel.[2] Her mother was from a Jewish family[3] Ba de theaghlach Giúdach a máthair agus ba de bhunadh Ísiltíreach agus Beilgeach a hathair.[4]
Bhain Vanden Heuvel céim amach ó Scoil na Tríonóide i 1977.[5] Bhain sí céim Baitsiléir Ealaíon summa cum laude san pholaitíocht ó Ollscoil Princeton i 1981 tar éis di tráchtas sinsearach a chríochnú dar teideal "American Victims:A Study of the Anti-Communist Crusade.[6] Le linn di a bheith ag Princeton, bhí sí ina heagarthóir agus ar deireadh mar phríomheagarthóir ar an Nassau Weekly, foilseachán scoile, agus bhí intéirneacht aici san iris National Lampoon i 1978.[1] D’oibrigh sí ansin mar chúntóir léiriúcháin ag ABC ar feadh dhá bhliain.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; no text was provided for refs namedStangeOyster2011
- ↑ McDougal, Dennis (2001). "The Last Mogul: Lew Wasserman, MCA, and the Hidden History of Hollywood": 27, 412, 422f, and passim. Cambridge, Massachusetts: Da Capo.
- ↑ The Last Mogul: Lew Wasserman, McA, and the Hidden History of Hollywood By Dennis McDougal p 27
- ↑ The Village Voice: "Vanden Heuvel: Horatio Alger in Upper Bohemia" October 27, 1960
- ↑ NYT Staff (December 5, 1988). "Ms. vanden Heuvel Is Wed". The New York Times.
- ↑ Heuvel, Katrina Vanden (1982). "American Victims: A Study of the Anti-Communist Crusade".