Ba bhanna rac-cheoil, nó rac malartach as Chill Chainnigh, Poblacht na hÉireann é Kerbdog. Bhain siad cáil idirnáisiúnta amach leis an albam clúiteach On The Turn sa bhliain 1996.

Bosca Sonraí EagraíochtaKerbdog
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1991
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1991 –
Lipéad ceoilVertigo Records Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac malartach Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Suíomh gréasáinkerbdog.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: kerbdogband Musicbrainz: 4a917eb5-4cc4-47dd-8a97-2376161f6a71 Songkick: 154109 Discogs: 233604 Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Tháinig Kerbgog le chéile i gcathair Chill Chainnigh sa bhliain 1991. Ar dtús, bhíodh siad ag seinm amhráin ó na bannaí a thaitin leo, mar shampla Sonic Youth, Loop agus Spaceman 3. Tháinig Billy Dalton (giotár) isteach sa bhanna sa bhliain 1992. Tar éis tamall, thosaigh siad ag scríobh a n-amhráin féin. Ceol miotal troim agus punc-rac a bhí i gceist.

Rinne siad a gcéad albam, Kerbdog, i 1993 i Londain. Thaifead siad é le Jack Endino, an fear a bhí ina léiritheoir cheana féin le Nirvana, Mudhoney agus Soundgarden roimhe sin. D´fhág Billy Dalton an banna i 1995, ach lean Kerbdog ar aghaidh agus rinne siad a n-albam is fearr i 1996, On The Turn. Albam láidir ab ea é, ceann de na h-albaim is fearr ón seánra seo.

Bhris Kerbdog suas i 1998, agus thosaigh Cormac agus Darragh banna nua, le h-ainm Wilt. Tháinig Kerbog ar ais le chéile i 2005, agus bhí taispeántas maith acu i bhFéile Oxegen sa tsamradh.

Níor thosaigh na baill ag cumadh ábhair nua le chéile, agus mar thoradh cuireadh deireadh leo arís.

Saothar cuir in eagar

Albaim cuir in eagar

Singlí cuir in eagar