Kim Jong-un
(Athsheolta ó Kim Jong un)
Ardcheannaire Dhaon-phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, nó an Chóiré Thuaidh, agus cathaoirleach Pháirtí Oibrithe na Cóiré is ea Kim Jong-un a rugadh ar 8 Eanáir 1984 (nó 1982 nó 1983).
Mac le Kim Jong-il (1941–2011) agus garmhac de chuid Kim Il-sung (1912–1994) atá ann. Ardcheannairí agus deachtóirí ar an tír ab ea an bheirt acusan freisin, an t-aon sampla de dheachtóireacht chumannach oidhreachtúil i stair an domhain.
Tháinig Kim Jong-un i gcumhacht ar bhás a athar i mí na Nollag sa bhliain 2011. Léiroidhre a bhí in Jong-un roimhe sin agus "an Comharba Mór" a thug seirbhís theilifíse an stáit air ina dhiaidh. Cuireadh 'cultas pearsan' ar siúl sa Chóiré Thuaidh, agus brú ar an phobal ollmheas a léiriú don Cheannaire Uachtarach.[1]
Féach freisin
cuir in eagar- Kim Il-sung , a sheanathair
- Kim Jong-il, a athair
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (16 Meán Fómhair 2023). "Nuacht Mhall: (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-09-27.
Is síol a bhaineann leis an Chóiré Thuaidh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |