Lá Domhanda Shaoirse an Phreasa
Ceiliúrtar Lá Domhanda Shaoirse an Phreasa ar 3 Bealtaine gach bliain, chun ómós a léiriú do na hiriseoirí a fuair bás agus iad i mbun a gcuid dualgas, agus chun bunphrionsabail shaoirse na meán, an iolrachais agus an neamhspleáchais a cheiliúradh.[1] Mar sin, tá ról tábhachtach na meán i sochaithe daonlathacha.[2]
Cineál | lá idirnáisiúnta | ||
---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | saoirse an phreasa | ||
Comóireann sé | saoirse an phreasa | ||
Bailíocht | 1991 - | ||
Lá | 3 Bealtaine | ||
Tréimhse | 1994 - | ||
Bunaitheoir(í) | na Náisiúin Aontaithe | ||
Príomhábhar | saoirse an phreasa | ||
Eagraí | na Náisiúin Aontaithe | ||
Suíomh gréasáin | un.org… |
Nár ghnách, ag lucht na nuachtán, más go mórchúiseach é, an ‘ceathrú heastát’ a lua leo féin, agus iad, gan amhras, ag cur ina luí ar an gcuid eile againn gur géag riachtanach agus ceartbhunaithe den chóras daonlathach iad.[3] Agus is mian leis an Aontas Eorpach an prionsabal a leanas a mheabhrú: go bhfuil “bunú, caomhnú agus cothú preasa atá neamhspleách, iolraíoch agus saor riachtanach d’fhorbairt agus do chaomhnú an daonlathais i náisiún agus don fhorbairt eacnamaíoch”.[4]
Rinneadh "Dearbhú Windhoek" ar 3 Bealtaine 1991.[5] Baineann Éire rangú maith amach ó shin le "Reporters without Frontiers"[6] (sa 13ú háit as 180 tír sa bhliain 2020).
Rialachán preasa in Éirinn
cuir in eagarLe bunú Chomhairle Preasa na hÉireann agus Oifig an Ombudsman Preasa ar an 1 Eanáir 2008,[7] tá teacht ag gach duine in Éirinn ar mhodh neamhspleách le haghaidh gearáin phreasa atá sciobtha cothrom agus saor in aisce.
Féach freisin
cuir in eagar- Iriseoireacht. Ar an 2 Samhain gach bliain, ceiliúrtar an Lá Idirnáisiúnta um Dheireadh leis an tSaoirse ó Phionós i gcás Coireanna in aghaidh Iriseoirí.
- Breandán Delap : Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal (Cois Life)[8]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-05-03.
- ↑ curriculumonline.ie. "An Pholaitíocht agus an tSochaí". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "Na meáin úra agus an Ghaeilge (Cuid 2)" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-05-03.
- ↑ "Dearbhú ón Ardionadaí, Federica Mogherini, thar ceann an Aontais Eorpaigh ar ócáid Lá Domhanda Shaoirse an Phreasa, 3 Bealtaine 2016" (ga). www.consilium.europa.eu. Dáta rochtana: 2020-05-03.
- ↑ "Windhoek Declaration" (as en) (2019-07-30). Wikipedia.
- ↑ "2020 World Press Freedom Index | Reporters Without Borders" (en). RSF. Dáta rochtana: 2020-05-03.
- ↑ presscouncil.ie/. "Cairt nua don phreas agus do mhuintir na hÉireann". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "Na meáin úra agus an Ghaeilge (Cuid 2)" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-05-03.