Lá Domhanda gan Tobac
Ceiliúrtar an Lá Domhanda gan Tobac ar an 31 Bealtaine gach bliain.
Cineál | lá idirnáisiúnta |
---|---|
Comóireann sé | tobacco use disorder (en) |
Bailíocht | 15 Bealtaine 1987 - |
Lá | 31 Bealtaine |
Tréimhse | 1988 - |
Bunaitheoir(í) | an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte |
Príomhábhar | smoking ban (en) |
Eagraí | an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte |
Suíomh gréasáin | who.int… |
Bíonn duine amháin as gach beirt a bhaineann triail as caitheamh tobac ina chaiteoir tobac agus gheobhaidh duine as gach beirt chaiteoirí tobac bás ó ghalar a bhaineann le tobac.[1]
Tá sé mar aidhm ag an feachtas Not Around Us / Níl inár dtimpeall spreagadh a thabhairt do dhaoine a chaitheann tobac agus a bhíonn ag vápáil gan a bheith ag caitheamh nó ag vápáil timpeall ar dhaoine eile.[1]
Is féidir teagmháil a dhéanamh le seirbhís HSE Quit chun tacaíocht a fháil.[2]
Tionscnaimh
cuir in eagarEagraíodh cúpla tionscnamh a raibh tacaíocht airgid acu ón rialtas.
2018
cuir in eagarChuir an tionscnamh "Éire Shláintiúil' i bhfeidhm ar fud an Rialtais chun tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do dhaoine le roghanna sláintiúla a dhéanamh ina saol. Bhí bearta nua ar bun, mar shampla, chun bia sláintiúil agus leibhéil shláintiúla de ghníomhaíochtaí fisiciúla a chur chun cinn.[3]
2019
cuir in eagarTharla méadú suntasach ar an bpraghas agus an dleacht mháil íosta ar tháirgí tobac, rud a leagadh síos i mBuiséad 2019.
2020
cuir in eagarEagraíodh in Éirinn an tionscnamh "Ag Tacú le Mná atá ag Iompar Clainne Éirí as Tobac agus gan Tobac a Chaitheamh Arís".[4] Is é an timpeallacht sa bhaile an fachtóir is mó a bhfuil tionchar aige ar an dóchúlacht go gcaithfidh daoine tobac nuair atá siad níos sine.
2021
cuir in eagarRoghnaíodh Éire chun óstáil a dhéanamh ar an gcéad Chomhdháil Dhomhanda eile ar an Tobac nó an tSláinte sa bhliain 2021, rud arb é an phríomhchomhdháil ar shaincheisteanna tobac é.[5]
2022
cuir in eagarTéama feachtais domhanda 2022 : “Tobac: Bagairt dár timpeallacht” ag ardú feasacht faoi thionchar tobac ar an dtimpeallacht (saothrú, táirgeadh, dáileadh agus fuíollábhar).
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Tugann an tAire Sláinte foláireamh faoi chaitheamh tobac agus COVID-19 ar Lá Domhanda Gan Tobac" (ga). www.gov.ie (2020-05-31). Dáta rochtana: 2023-05-29.
- ↑ "Quit smoking" (en). HSE.ie. Dáta rochtana: 2023-05-29.
- ↑ gov.ie. "Clár do Rialtas Comhpháirtíochta, Tuarascáil Bhliantúil 2018".
- ↑ "100 Leanbh "Saor ó Thobac" ar an Lá Domhanda gan Tobac" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2020-05-31.
- ↑ "Ceiliúrann an tAire Harris agus an tAire Byrne an Lá Domhanda gan Tobac agus foilsíonn siad an Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2018 maidir leis an doiciméad beartais Éire atá Saor ó Thobac: Plean Gníomhaíochta" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2020-05-31.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |