Ba bhandia na dTuath Dé Danann í Lí Ban[1][2] (grian na mban[3]) i Miotaseolaíocht na nGael. Ba í Fand a deirfiúr, agus Labraid Luathlám ar Claideb, rí Mag Mell, a fear céile.[3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarLí Ban
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
CéileLabraid Luathlám ar Claideb Cuir in eagar ar Wikidata

Faightear go suntasach í sa seanscéal Searg Chú Chulainn, agus í ina hiníon Áed Abrat í. Tháinig sí ar dtús i riocht éan na mara, agus ansin mar sióg a rinne tinneas an scéil ar Chú Chulainn. Ina dhiaidh sin, ámh, bhí Lí Ban ina teachtaire agus idirghabhálaí; i dteannta le Lao, carbadóir Chú Chulainn, d'oibrigh sí go leigheasa Cú Chulainn mar chúiteamh ar thacaíocht a thabhairt d'Fhand ag cath i Mag Mell.[3]

Is féidir gurb í foinse do mhuruach na seanscéalta dá hainm féin, Lí Ban de Loch nEathach.[3][4]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Carney, James, "The Earliest Bran Material", in: Bernd Naumann (eag.), Latin Script and Letters A. D. 400-900, 1976, lch. 188.
  2. Koch, John, Celtic Culture, ABC-CLIO, 2006, lch. 1608.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, ll. 205, 297, 320, 383–4: s.v. Fand, Lí Ban, Mag Mell, Serglige Con Culainn
  4. John O'Donovan, Annals of the Kingdom of Ireland, Hodges, Smith, and Co. 1856, lch. 201