I rith 9 seachtainí, ó chuaigh an L.É. Eithne i mbun oibre i mí Bealtaine 2015 tharrtháil sí 3,400 inimircigh, 179 páistí ina measc, as báid beaga sa Mheánmhuir agus iad ag iarraidh an Mheánmhuir a thrasnú. Ag féachaint ar mhiondealú na dtíortha as a dtagann na daoine a tarrtháladh tháinig 12% ón Eiritré; 12% ón Nigéir, 11% ón Súdaín, 9% ón Siria chomh maith le daoine ó Ghana, Maracó, an tSomáil agus an Aetóip.[1] Bhí an long cheannais faoi stiúir Cheannasaí Pearse O’Donnell ag an am.

Bosca Sonraí SoitheachLÉ Eithne
Tír chlárúcháin
Saintréithe teicniúla
Cineállong Cuir in eagar ar Wikidata
Fad81.11 m Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
Uimhir IMO8208141 Cuir in eagar ar Wikidata
Comhartha glao
Echo
E
India
I
Yankee
Y
Sierra
S
(Echo-India-Yankee-Sierra) Cuir in eagar ar Wikidata
An tAire Cosanta Síomón Ó Cómhanaigh
An L.É. Eithne ag obair sa Mheánmhuir

Tosaíodh an misean tarrthála seo chun cuidiú le Rialtas na hIodáile agus ní mar chuid den Tionscnamh Tarrthála Triton a dúirt Aire Cosanta Simon Coveney. Ag cur na báid beaga seo i gcomparáid le longa báis, dúirt sé go raibh siad ag iarraidh dul i ngleic le fadhb a éireoidh níos measa fós mar gheall ar mhéid na ndaoine atá ag cur a mbeatha i mbaol i mbáid daínsearacha. Dúirt sé go raibh an Taoiseach agus é feín ag iarraidh rud éigin practiciúil a dhéanamh agus gurbh é seo an chéad feachtas síochánaíochta daonnúil thar lear de chuid an tSeirbhís Chabhlaigh. Chreid sé go neíréodh go geal leis.[2]

Dúirt sé go raibh an ceart ag an Iodaíl cabhair a éileamh ó thíortha eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus gur cuireadh tús leis an tionscnamh nuair a bádh na céadta inimircigh níos luaithe sa bhliain. D'adhmhaigh sé nach gcabhródh sé leis na fadhbanna bunúsacha atá taobh thiar den ghéarchéim, fadhbanna cosúil le cogadh, bochtanasantoisceachas.[3]

Tagairtí cuir in eagar