Leithinis is ea Langlais (Béarla: Langness, Gaeilge Mhanann: Langlish) a ghobann amach beagnach dhá chiliméadar san fharraige ón taobh oirdheisceartach d'Oileán Mhanann. Ciallaíonn an t-ainm 'ceann tíre fada' sa tSean-Lochlannais. B'oileán é ar dtús báire, ach nascadh é leis an hórtír nuair a gluaiseadh agus nuair a sil-leagadh ábhar ar feadh Bhá Bhaile Chaistil, próiseas a chruthaigh tambaló. Tá an pobal beag Camys y Ree suite ar an stráice talún seo gar do Bhaile Chaistil.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |