Gnáth-théarma a chiallaíonn toirchiú in vitro agus athshuíomh an tsutha.[1] Ciallaíonn In-vitro ‘i ngloine’.

Blausen 0583 InVitroFertilization.png

Cóireáil is ea é ar neamhthorthúlacht, go háirithe nuair a bhíonn damáiste déanta do na feadáin útaracha nach féidir a dheisiú. I gcás mar sin,[2]

  • Tugtar drugaí don bhean chun ubhsceitheadh a spreagadh. Níos cruinne fós, tugtar hormóin a spreagann foirmiú 2+ uibheacha san ubhagán.
  • Díreach roimh ubhsceitheadh, faightear roinnt de na hubháin a fhuasclaítear ó dhromchla na n-ubhagán le laparascóp. Úsáidtear snáthaid chun na huibheacha a bhaint amach. Cuirtear i meán cuí cothaitheach iad, agus cuirtear na speirmeacha leo ansin.
  • Tar éis 40 uair, déantar na hubháin a scrúdú chun déanamh cinnte de go bhfuil siad toirchithe.
  • Cuirtear roinnt uibheacha toirchithe i mbroinn na máthar ag súil go dtarlóidh ionphlandú do cheann dóibh. Ansin aistrítear ubhán toirchithe (4-8 cill) ar ais don bhroinn tríd an bhfaighin is an ceirbheacs.
  • Ansin leanfaidh gnáth-thoircheas b'fhéidir. Tarlaíonn toircheas rathúil i 10-20% de na cásanna.
Saolaíodh an leanbh Louise Browne trí ghearradh Caesarach : an cnáimhseoir Dr John Webster

StairCuir in Eagar

Rugadh an chéad leanbh triaileadáin, Louise Browne, ar an 25 Iúil 1978. Saolaíodh an leanbh trí ghearradh Caesarach.

TagairtíCuir in Eagar

  1. COGG. "Atáirgeadh Gnéasach". Dáta rochtana: 2019.
  2. Patreskovic (2009-05-04). "3D animation of how IVF works".