Tabhair faoi deara gur ainm athartha atá ar an duine seo, seachas sloinne. Dá bhrí sin, is ceart Leiv a thabhairt air in ionad Eiriksson.

Taiscéalaí Lochlannach ba ea Leiv Eiriksson (Sean-Lochlainnis: Leifr Eiríksson, .i. Leif mac Eirik; t. 970 – t. 1019 go 1025). De réir ságaí Íoslannacha, bhunaigh Leiv coilíneacht de chuid na Lochlannach i d"Tír na bhFíniúnacha", a bhí i Meiriceá Thuaidh de réir dealraimh, thart ar leithmhílaois roimh Chríostóir Colambas. Ceaptar gurbh fhéidir gurb ionann an choilíneacht sin agus lonnaíocht Lochlannach a fuarthas i L'Anse aux Meadows i dTalamh an Éisc.

Infotaula de personaLeiv Eiriksson

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(non) Leifr heppni Eiríksson
Beathaisnéis
Breithc. 970
Icelandic Commonwealth (Icelandic Commonwealth)
Básc. 1020
49/50 bliana d'aois
Brattahlíð, b'fhéidir Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Chríostaíocht agus Old Norse religion (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Gairmtaiscéalaí, mairnéalach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaSean-Lochlainnis an Iarthair
Teaghlach
AthairErik an Dearg
SiblínFreydís Eiríksdóttir, Thorvald Eiriksson agus Thorstein Eiriksson

Find a Grave: 22103714 Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol agus pearsanta cuir in eagar

Mac le hErik Rua, bunaitheoir na chéad lonnaíochta Lochlannach sa nGraonlainn, agus le Þjóðhildur na hÍoslainne, ab ea Leiv. Ceaptar gur rugadh é san Íoslainn, ach tógadh é i Lonnaíocht Oirthearach na Graonlainne, in eastát a mhuintire arbh ainm dó Brattahlíð. Tráill de chuid Erik, Tyrker, a thóg Leiv ar altramas.

Bhí beirt mhac ag Leiv, Thorgils, ar ar rug an bhean uasal Thorgunna in Inse Ghall; agus Thorkell, a tháinig i gcomharbacht ar a athair mar thaoiseach sa nGraonlainn.