Liadh Ní Riada

polaiteoir Éireannach de chuid Sinn Féin

Is iarFheisire de Pharlaimint na hEorpa[1] de chuid Sinn Féin í Liadh Ní Riada (a rugadh ar 28 Samhain 1966). Ceapadh í ina hoifigeach pleanála teanga i nGaeltacht Chorcaí sa bhliain 2020.[2]

Infotaula de personaLiadh Ní Riada

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Samhain 1966
57 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Sinn Féin

1 Iúil 2014 –
Téarma parlaiminte: Ochtú Parlaimint na hEorpa


Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, stiúrthóir teilifíse, léiritheoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
AthairSeán Ó Riada

Twitter: LiadhNiRiada Cuir in eagar ar Wikidata


Saol Pearsanta cuir in eagar

 
2017

Is as Gaeltacht Mhúscraí í Liadh. Is iníon de chuid Sheáin Uí Riada - an cumadóir agus ceoltóir clúiteach- í.

Tá Liadh pósta ar Nicky agus triúr clainne aici.

Teilifís cuir in eagar

Tá cúlra láidir ag Liadh sna meáin. Chaith sí níos mó ná 20 bliain ag obair mar léiritheoir agus stiúrthóir ag RTÉ agus ag TG4. Bhí sí ina ball den bhord a chur TG4 ar an bhfód agus a d’fhobair a struchtúirí agus a chur chuige ag tús na 2000í.

Polaitíocht cuir in eagar

 
2017

Toghchán Parlaimint na hEorpa 2014 cuir in eagar

Roghnaíodh Ní Riada chun seasamh don Toghchán Parlaimint na hEorpa 2014. Sheas sí don toghcheantar Theas. Bhain sí 19.1% nó 125,309 de na vótaí céad rogha amach. Bhuaigh sí an dara shuíochán ar an ceathrú chomhair le 132,590 vótaí.

Bhí sí ina ball den choiste buiséid, den choiste iascaireachta agus den choiste oideachais agus cultúir.

Toghchán Uachtaránachta na hÉireann 2018 cuir in eagar

Roghnaíodh sí mar iarrthóir Sinn Fein don Toghchán Uachtaránachta na hÉireann 2018. Tháinig sí sa cheathrú háit sa toghchán le 93,987 vótaí agus 6.4% de na vótaí céad rogha.

 
2017

Le 28 ball d'Oireachtas, ba fhéidir le Sinn Féin iarrthóir a roghnú. Roghnaíodh Ní Riada chun seasamh don pháirtí sa toghchán ar 26 Deireadh Fómhair 2018. Tháinig sí sa cheathrú háit sa toghchán le 93,987 vótaí agus 6.4% de na vótaí céad rogha.

Tagairtí cuir in eagar

  1. toghcheantar Éire Theas
  2. "An t-iarfheisire Eorpach Liadh Ní Riada ceaptha ina hoifigeach pleanála teanga i nGaeltacht Chorcaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-19.

Naisc sheachtracha cuir in eagar